This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022H1634
Commission Recommendation (EU) 2022/1634 of 16 September 2022 on internal safeguards for editorial independence and ownership transparency in the media sector
Moladh (AE) 2022/1634 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2022 maidir le coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéireachta in earnáil na meán
Moladh (AE) 2022/1634 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2022 maidir le coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéireachta in earnáil na meán
C/2022/6536
IO L 245, 22.9.2022, p. 56–65
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/1634/oj
22.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 245/56 |
MOLADH (AE) 2022/1634 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Meán Fómhair 2022
maidir le coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéireachta in earnáil na meán
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá ról uathúil ag seirbhísí meán neamhspleácha sa mhargadh inmheánach. Is earnáil iad atá ag athrú go tapa agus lena bhfuil tábhacht eacnamaíoch agus an tráth céanna, soláthraíonn na seirbhísí meán sin rochtain ar iolracht tuairimí agus foinsí iontaofa faisnéise do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon, agus ar an gcaoi sin comhlíonann siad feidhm leasa ghinearálta “an mhaoirseora phoiblí”. |
(2) |
Tá ról ríthábhachtach ag seirbhísí meán i sochaithe daonlathacha toisc go soláthraíonn siad faisnéis chun leas an phobail. Chun ról fíorthábhachtach sochaíoch den sórt sin a chomhlíonadh agus chun go mbeidh rath orthu ar an margadh, ní mór do sholáthraithe seirbhíse meán a bheith in ann a gcuid seirbhísí a sholáthar gan srian agus go neamhspleách i margadh atá oscailte agus trédhearcach, agus a fhágann gur féidir iolrachas gníomhaithe sna meáin agus iolracht tuairimí a bheith ann. |
(3) |
Ní hamháin go bhfuil cosaint ag soláthraithe seirbhíse meán faoi rialacha an Aontais lena rialaítear an margadh inmheánach ach tá cosaint acu faoi Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais (“an Chairt”) freisin toisc go bhfuil siad tábhachtach chun leas a bhaint as an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Foráiltear le hAirteagal 11 den Chairt freisin go n-urramófar saoirse agus iolrachas na meán agus go n-áirítear leis an gceart chun tuairimí a nochtadh saoirse chun faisnéis a fháil agus a roinnt gan cur isteach ó údarás poiblí agus gan beann ar theorainneacha na mBallstát. Thairis sin, tá tionchar díreach ag feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí meán ar an smacht reachta agus ar an daonlathas, ar luachanna bunúsacha de chuid an Aontais iad a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
(4) |
Mar gheall ar chaillteanas na n-ioncam fógraíochta le deich mbliana anuas, go háirithe i ngeall ar an méadú ar dháileadh ábhair meán ar líne agus ar an athrú ar nósanna tomhaltais, baineadh acmhainní airgeadais d’earnáil na meán traidisiúnta, rud a rinne difear dá hinbhuanaitheacht, agus do cháilíocht agus d’éagsúlacht an ábhair atá ar fáil dá réir sin. Léiríonn an treocht sin an chaoi nach bhfuil ag éirí leis an margadh torthaí inbhuanaithe a sholáthar don nuacht neamhspleách agus don iriseoireacht ar ardchaighdeán, ar leasanna poiblí iad a chuidíonn le cur i gcoinne na bréagaisnéise. |
(5) |
Mar a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (1), tá sraith tionscnamh curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chun tacú le saoirse agus iolrachas na meán. Ghlac sé moladh maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú (2). Chuir sé i láthair freisin togra le haghaidh Treoir (3) agus Moladh (4) maidir le daoine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”). Thairis sin, chuir an Coimisiún roinnt gníomhaíochtaí chun feidhme chun tacú le téarnamh agus claochlú earnáil na meán agus an chlosamhairc, mar chuid de phlean gníomhaíochta na Meán agus an chlosamhairc (5). Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán freisin ar thrasuí agus ar chur chun feidhme píosaí tábhachtacha reachtaíochta le haghaidh earnáil na meán, go háirithe Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (6) agus an Treoir maidir le Cóipcheart (7). |
(6) |
Chuir an Coimisiún togra reachtach ar aghaidh le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat coiteann um sheirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán). Foráiltear leis an togra sin do shraith coimircí i ndlí an Aontais chun iolrachas sna meáin agus neamhspleáchas eagarthóireachta sa mhargadh inmheánach a chosaint. Gabhann an Moladh seo leis an Rialachán atá beartaithe mar uirlis ag a bhfuil éifeacht láithreach chun neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéireacht na meán a chothú. |
(7) |
An tráth céanna, mar chomhlánú ar an reachtaíocht agus mar a chuirtear i dtábhacht sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, tá an Coimisiún ag tacú go gníomhach le tionscnaimh féinrialála ó earnáil na meán féin. Is cuid de na hiarrachtaí sin é an Moladh seo. |
(8) |
Tá traidisiún seanbhunaithe féinrialála ag tionscal na meán agus thug sé faoi roinnt tionscnamh sa réimse. Ag cur leis na tionscnaimh sin agus éagsúlacht na dtraidisiún dlí agus na gcineálacha cur chuige dlí sna Ballstáit á gcur san áireamh, is féidir cleachtais dheonacha a shainaithint a bhféadfadh soláthraithe seirbhíse meán cloí leo chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht agus chun brú polaitiúil agus eacnamaíoch a sheasamh ar bhealach níos fearr. D’fhéadfadh an earnáil dul i mbun plé ar chleachtais dheonacha den sórt sin agus, an tráth céanna, é a fhágáil faoi na soláthraithe seirbhíse meán cinneadh a dhéanamh gan srian faoi na cleachtais ar féidir leo a bheith oiriúnach dá riachtanais aonair agus dá samhlacha gnó, go háirithe agus riachtanais shonracha na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á gcur san áireamh (8). |
(9) |
Ní mór do shaoránaigh a bheith in ann muinín a bheith acu as an bhfaisnéis a fhaigheann siad chun a gcearta daonlathacha a fheidhmiú. Ní mór rochtain a bheith acu ar iolracht tuairimí agus foinsí iontaofa faisnéise chun a dtuairimí féin a chur le chéile agus chun rannchuidiú leis na próisis dhaonlathacha. Tá rochtain ar fhaisnéis iontaofa chomh tábhachtach céanna chun go mbeidh gnólachtaí in ann cinntí eolasacha a dhéanamh. |
(10) |
Tá níos mó agus níos mó soláthraithe seirbhíse meán Eorpacha faoi réir cur isteach míchuí ar na cinntí eagarthóireachta aonair, lena n-áirítear ó úinéirí príobháideacha agus ó scairshealbhóirí, agus bíonn éifeachtaí díobhálacha aige sin ar shaoirse eagarthóireachta, ar an acmhainneacht nuacht neamhspleách a sholáthar agus, dá bhrí sin, ar infhaighteacht faisnéise iontaofa don phobal meáin. Le Monatóir ar Iolrachas sna Meáin 2022, léirítear go bhfuil ardriosca ann go mbeidh tionchar míchuí tráchtála agus úinéara i roinnt Ballstát (9). Sa ré dhigiteach, mar gheall ar an bhféidearthacht mhéadaithe a bhaineann le rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe i mBallstáit eile, tá sé fíor-riachtanach dea-chleachtais a chothú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go bhfaighidh saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais ábhar nuachta agus cúrsaí reatha atá neamhspleách agus éagsúil chun a gcuid tuairimí a fhorbairt agus chun roghanna eolasacha a dhéanamh, rud a chuirfidh le réimse poiblí sa mhargadh inmheánach. |
(11) |
Le neamhspleáchas eagarthóireachta, cosnaítear eagarthóirí agus iriseoirí ar choinbhleachtaí leasa agus cuidíonn sé leo seasamh in aghaidh cur isteach agus brú míchuí. Dá bhrí sin, is réamhriachtanas é chun faisnéis neamhchlaonta a tháirgeadh agus a scaipeadh agus is gné fhíor-riachtanach de shaoirse na meán é. Cuirtear ar a gcumas do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais seirbhísí neamhspleách, iolraíocha meán a sholáthar agus a ghlacadh. Tá sé sin ábhartha go háirithe do sholáthraithe seirbhíse meán a chuireann ábhar nuachta agus cúrsaí reatha ar fáil, gan beann ar an bhformáid (lena n-áirítear cláir faisnéise nó irisí lena gcumhdaítear saincheisteanna den sórt sin). Dá bhrí sin, tá na moltaí a bhaineann le bearta deonacha maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta dírithe ar na soláthraithe sin. |
(12) |
Sa chomhthéacs sin, tá bearta, caighdeáin nó sásraí rialachais chorparáidigh curtha i bhfeidhm cheana féin ag roinnt soláthraithe seirbhíse meán, amhail cairteacha nó cóid eagarthóireachta nó coistí eitice chun neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint. I roinnt eagraíochtaí nuachta, bíonn tionchar ag iriseoirí ar roghnú a bpríomheagarthóra nó ar athruithe ar úinéireacht na meán fiú. I gcuideachtaí áirithe sna meáin, tá stádas scairshealbhóirí ag iriseoirí, agus is féidir leo páirt a ghlacadh sa chinnteoireacht straitéiseach agus i roinnt na ngnóthachan eacnamaíoch. I roinnt Ballstát, tá ceangal dlí le cuid de na bearta corparáideacha le haghaidh cineálacha sonracha soláthraithe seirbhíse meán (10). Ba cheart na coimircí sin agus samplaí eile de choimircí a úsáid mar fhoinsí inspioráide do bhearta deonacha agus mar bhonn le plé leanúnach faoi stiúir na bpáirtithe leasmhara maidir le conas feabhas a chur ar chosaint an neamhspleáchais eagarthóireachta. |
(13) |
Cé go bhfuil sé dlisteanach d’úinéirí na meán príobháideach an treo eagarthóireachta fadtéarmach a roghnú agus a chinneadh, tá sé tábhachtach a chinntiú gur féidir le heagarthóirí nuacht agus cúrsaí reatha a chlúdach go neamhspleách le linn na hoibre laethúla. Go deimhin, ba cheart d’eagarthóirí cinntí eagarthóireachta aonair a bhunú ar an taighde iriseoireachta agus ar an measúnú iriseoireachta, agus ar ábharthacht na faisnéise do na léitheoirí; ba cheart dóibh a bheith in ann tuairimí criticiúla a chur in iúl gan eagla a bheith orthu go mbeidh díoltas i ndán dóibh. Tá gá le cur chuige cothrom faoi stiúir an tionscail, d’fhonn neamhspleáchas eagarthóireachta a chothú, agus cearta agus leasanna dlisteanacha úinéirí príobháideacha na soláthraithe seirbhíse meán á n-aithint an tráth céanna maidir le saoirse ghnó agus saoirse tuairimí a nochtadh araon. |
(14) |
Is uirlisí éifeachtacha iad féinrialáil na meán agus caighdeáin na heitice iriseoireachta chun iriseoirí a chumhachtú agus chun cuidiú leo seasamh in aghaidh brú míchuí, lena n-áirítear brú polaitiúil agus tráchtála, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar mhuinín an phobail sna meáin (11). Mar sin féin, is féidir feabhas a chur ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán iriseoireachta ar fud an Aontais. I Monatóir ar Iolrachas sna Meáin 2022, léirítear na heasnaimh i gcur chun feidhme éifeachtach na féinrialála (12). |
(15) |
Thairis sin, mar a sainaithníodh leis an tionscadal “Comhairlí Meán sa Ré Dhigiteach” a fhaigheann cistiú ón Aontas, ní fheidhmíonn comhairlí meán nó preasa ach i mbeagán os cionn leath de na Ballstáit (13). Sna Ballstáit sin, tá na comhairlí sin éagsúil maidir lena méid, maidir le raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus maidir leis an gcineál céannachta dlíthiúla nó aitheantais dhlíthiúil atá acu faoin dlí náisiúnta, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a ról éifeachtach. Sna Ballstáit sin nach bhfuil comhairlí meán nó preasa bunaithe iontu go fóill, is minic nach mbíonn dreasachtaí ann d’ionadaithe phobal na meán chun iad a fhorbairt. |
(16) |
Sa Mholadh seo, moltar do sholáthraithe seirbhíse meán catalóg neamh-uileghabhálach agus neamhcharnach de bhearta agus de straitéisí deonacha d’fhonn an próiseas neamhspleách maidir le táirgeadh ábhair nuachta a ráthú. Baineann na bearta atá molta le príomhghnéithe an phróisis sin, idir na coinníollacha maidir le hábhar eagarthóireachta a chruthú go neamhspleách, trí iriseoirí a chumhachtú chun páirt a ghlacadh i gcinntí ríthábhachtacha i dtaca le feidhmiú eagraíochtaí meán, agus straitéisí chun cobhsaíocht fhadtéarmach i dtáirgeadh ábhair nuachta a áirithiú. |
(17) |
Níor cheart aon ní sa Mholadh seo, atá neamhcheangailteach de réir sainmhínithe, a léirmhíniú mar ní a dhéanann difear don tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar sa mhargadh inmheánach nó don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse an phreasa, nó mar ní a chuireann isteach ar shaoirse eagarthóireachta nó ar shaoirse fiontraíochta. Leis na coimircí inmheánacha, níor cheart a mheas, ar bhealach ar bith, go mbaintear d’úinéirí na meán a ról maidir le spriocanna straitéiseacha a leagan síos agus fás agus inmharthanacht airgeadais a gcuideachtaí a chothú. Ina theannta sin, ba cheart aitheantas a thabhairt don ról ceannasach atá ag soláthraithe seirbhíse meán agus ag iriseoirí maidir le coimircí inmheánacha agus ionstraimí féinrialála a fhorbairt. |
(18) |
Tá an Moladh seo bunaithe ar mhalartuithe leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, go háirithe iriseoirí, cuideachtaí meán agus a gcomhlachais. Cuirtear leis an bplé a rinneadh ag an bhFóram Eorpach um Meáin Nuachta (14), go háirithe an dara heagrán a tionóladh an 29 Samhain 2021, inar pléadh claochlú tionsclaíoch earnáil na meán agus na dúshláin ghaolmhara (15). Cuirtear san áireamh ann freisin na tionscnaimh tionscail atá ann cheana, lena n-áirítear Journalism Trust Initiative (JTI) ó Thuairisceoirí gan Teorainneacha agus ó na comhpháirtithe, a bhfuil sé d’aidhm acu spás faisnéise níos sláintiúla a chothú agus caighdeáin tionscail ag tacú leis. |
(19) |
Cuireann na bearta atá molta le tionscnaimh lena ndéantar samhlacha nua gnó agus comhar a thástáil, amhail iad siúd a mhaoinítear faoi ghníomhaíocht na gcomhpháirtíochtaí iriseoireachta a fhaigheann tacaíocht ó chlár Eoraip na Cruthaitheachta (16). Cuireann siad freisin leis na scéimeanna tacaíochta airgeadais agus na tosaíochtaí a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta na Meán agus an Chlosamhairc, mar chuid d’iarrachtaí ar leibhéal an Aontais tacú le héiceachóras tionsclaíoch le haghaidh na meán nuachta. Thairis sin, chuaigh soláthraithe seirbhíse meán áirithe i muinín struchtúir rialachais ina bhfuil a gcaipiteal iomlán nó cuid dá gcaipiteal ag eintitis neamhbhrabúis, amhail iontaobhais nó fondúireachtaí, agus, i gcásanna áirithe, bíonn ról tábhachtach acu maidir le ceapadh na mbord bainistíochta agus na n-eagarthóirí, a mheastar a bheith ag feidhmiú chun neamhspleáchas eagarthóireachta an tsoláthraí a chaomhnú san fhadtéarma. I measc na sásraí rialachais eile a bhfuil spriocanna comhchosúla acu tá socruithe scairshealbhóra iriseoireachta ina rialaíonn comhaltaí den fhoireann eagarthóireachta nó a gcomhlachtaí ionadaíocha cuid de na scaireanna nó a bhfuil sé de chumhacht acu iontráil scairshealbhóra rialaithe nua a dhiúltú, ar scairshealbhóir é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don neamhspleáchas eagarthóireachta. Ar bhonn an mhéid sin, tagraítear sna bearta molta do chineálacha cur chuige a d’fhéadfadh soláthraithe seirbhíse meán a mheas chun a n-inbhuanaitheacht a mhéadú, agus, dá bhrí sin, a n-athléimneacht i gcoinne brúnna polaitiúla agus margaidh a mhéadú, agus é á thabhairt dá n-aire gurb iad is fearr, mar oibreoirí eacnamaíocha, atá in ann samhlacha gnó a fhorbairt a oireann dá gcuspóirí agus dá n-acmhainneachtaí, de réir dheighleoga an mhargaidh ar a bhfuil siad dírithe. |
(20) |
Tá sé d’aidhm ag an Moladh seo freisin trédhearcacht úinéireacht na meán a chur chun cinn a thuilleadh ar fud an Aontais. Faoi láthair, spreagann caighdeáin idirnáisiúnta (17) agus reachtaíocht an Aontais maidir leis na meáin na Ballstáit le bearta earnáilsonracha a ghlacadh chun trédhearcacht úinéireacht na meán a mhéadú. Go háirithe, in Airteagal 5(2) de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), sainaithnítear go bhféadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse meán atá faoina ndlínse faisnéis maidir lena struchtúr úinéireachta a chur ar fáil, lena n-áirítear faisnéis faoina n-úinéirí tairbhiúla, i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le trédhearcacht na húinéireachta tairbhiúla a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). I Moladh 2018 ó Chomhairle na hEorpa maidir le hiolrachas sna meáin agus trédhearcacht úinéireacht na meán, iarrtar ar na Ballstáit creataí a chur i bhfeidhm chun faisnéis chruinn agus cothrom le dáta a bhaineann le húinéireacht dhíreach agus thairbhiúil na meán a nochtadh. Thairis sin, tá an Coimisiún ag cómhaoiniú fhorbairt an Mhonatóra ar Úinéireacht Euromedia, arb é is aidhm dó bunachar sonraí inchuardaithe agus inscálaithe a dhearadh chun faisnéis shaor, sho-úsáidte faoi úinéireacht na meán ar fud an Aontais a sholáthar. |
(21) |
Bearta lena bhfeabhsófaí trédhearcacht úinéireacht na meán maidir leis an bpobal i gcoitinne, bheidís tábhachtach i bhfianaise chineál sonrach na seirbhísí meán mar leas poiblí (20). Ós rud é go bhfuil ról ag na meáin maidir le leasanna polaitiúla agus eacnamaíocha a thuairisciú agus a thabhairt chun cuntais, is gné riachtanach í trédhearcacht úinéireacht na meán d’aon éiceachóras a bhfuil sé d’aidhm aige iriseoireacht iniúchach, éagsúlacht na meán agus muinín an phobail as tuairisciú na meán a chothú. Léirigh na páirtithe leasmhara an easpa faisnéise trédhearcachta a bhaineann go sonrach leis na meáin sna comhairliúcháin a rinneadh agus an Moladh seo á ullmhú. |
(22) |
Tuigtear ón méid thuas go bhfuil cur chuige cuimsitheach maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán iomchuí. Chuirfí chun cinn infhaighteacht faisnéise maidir le húinéireacht na meán (nó feidhmiú na faisnéise sin) ag an rialtas, ag institiúid stáit, ag cuideachta faoi úinéireacht stáit nó ag comhlacht poiblí eile, i dtaca le leasanna, naisc nó gníomhaíochtaí úinéirí i ngnólachtaí i meáin eile nó i ngnólachtaí nach gnólachtaí meán iad chomh maith le haon leas eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chinnteoireacht straitéiseach chuideachta na meán nó ar a líne eagarthóireachta. Is iomchuí freisin a mholadh go bhfoilseofar faisnéis maidir le haon athrú ar úinéireacht nó ar rialú na meán, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le faisnéis cothrom le dáta maidir leis an struchtúr úinéireachta le haghaidh faighteoirí seirbhísí. Ba cheart an cur chuige a mholtar a choigeartú ag brath ar chineál na heagraíochta meán agus ar chineál a húinéireachta. Go háirithe, i gcás eagraíochtaí meán atá faoi úinéireacht iriseoirí, níor cheart ach faisnéis faoi na húinéirí a bhfuil ról ceannaireachta acu, mar shampla, comhaltaí den bhord stiúrthóirí, a chur ar fáil. |
(23) |
Dá réir sin, leis an Moladh seo, féachtar le hardleibhéil trédhearcachta maidir le húinéireacht na meán a chur chun cinn ar fud an Aontais trí ghníomhaíochtaí deonacha a d’fhéadfadh soláthraí seirbhíse meán agus na Ballstáit araon a dhéanamh go díreach, gan dochar do na rialacha trédhearcachta maidir le húinéireacht chothrománach ar leibhéal an Aontais faoi Threoir (AE) 2015/849 agus do na rialacha maidir le nochtadh le haghaidh cuideachtaí faoi Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), chomh maith leis na córais um idirnascadh na gclár atá ann cheana ar leibhéal an Aontais. |
(24) |
Chun an obair leantach ar an Moladh seo a chothú, éascóidh an Coimisiún idirphlé rialta leis na Ballstáit agus le hionadaithe na soláthraithe seirbhíse meán agus iriseoirí sna fóraim ábhartha, go háirithe an Fóram Eorpach um Meáin Nuachta. Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar ghníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit agus leanfaidh sé na bearta ábhartha a ghlacfaidh soláthraithe seirbhíse meán faoin Moladh. Chun na críche sin, an fhaisnéis ábhartha is féidir a mheas go réasúnta go soláthróidh na Ballstáit í, ba cheart dóibh í a chur ar fáil don Choimisiún, ionas go mbeidh an Coimisiún in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcodanna ábhartha den Mholadh atá dírithe orthu. Is féidir torthaí an fhaireacháin a chur san áireamh sa phlé faoi stiúir na bpáirtithe leasmhara, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
ROINN I
Cuspóir an Mholta
(1) |
Gan dochar do rialacha an Aontais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, leis an Moladh seo:
|
ROINN II
Coimircí inmheánacha do neamhspleáchas eagarthóireachta
(2) |
Agus bearta á ndéanamh d’fhonn neamhspleáchas cinntí eagarthóireachta aonair a ráthú, moltar do sholáthraithe seirbhíse meán an chatalóg thíos a mheas. |
(3) |
Is foinse inspioráide í an chatalóg seo do sholáthraithe seirbhíse meán. Ba cheart an rogha fhéideartha coimircí a bheith á threorú ag a n-infheidhmitheacht agus a gcomhréireacht, agus méid na soláthraithe seirbhíse meán agus cineál na seirbhísí meán a sholáthraítear á gcur san áireamh. |
(4) |
Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán freisin cloí le scéimeanna féinrialála agus le tionscnaimh tionscail iriseoireachta agus meán lena gcuirtear chun cinn caighdeáin eagarthóireachta agus caighdeáin iriseoireachta iontaofa eiticiúla. |
Coimircí chun neamhspleáchas agus ionracas na n-eagarthóirí a áirithiú
(5) |
Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán rialacha inmheánacha a leagan síos chun sláine eagarthóireachta agus neamhspleáchas a chosaint ar leasanna míchuí polaitiúla agus gnó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chinntí eagarthóireachta aonair. I gcás ina bhfuil rialacha inmheánacha den sórt sin ann, moltar d’úinéirí agus do bhainistíocht na cuideachta meán na rialacha sin a aithint agus a fhormhuiniú go hiomlán. |
(6) |
D’fhéadfaí rialacha inmheánacha den sórt sin a bhailiú i gcairteacha, i gcóid nó i dtreoirlínte eagarthóireachta agus i ndoiciméid bheartais eile, agus moltar do sholáthraithe seirbhíse meán iad a chur ar fáil go poiblí agus rochtain a thabhairt don phobal orthu ar a suíomhanna gréasáin, agus ba cheart sin a bheith amhlaidh do dhaoine faoi mhíchumas, a mhéid is féidir. |
Sláine eagarthóireachta
(7) |
D’fhéadfaí na gnéithe seo a leanas a chumhdach i rialacha inmheánacha na soláthraithe seirbhíse meán dá dtagraítear i bpointe 5:
|
Neamhspleáchas eagarthóireachta
(8) |
Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán sásraí a bhunú lena gcuirfear ar a gcumas do chomhaltaí den fhoireann eagarthóireachta a neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint ar chur isteach míchuí de chineál ar bith. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh le sásraí den sórt sin:
|
Comhlachtaí nó struchtúir inmheánacha
(9) |
Chun tacú le cur chun feidhme na mbeartas nó na rialacha inmheánacha maidir le sláine agus neamhspleáchas eagarthóireachta, moltar do sholáthraithe seirbhíse meán comhlachtaí nó struchtúir neamhspleácha inmheánacha iomchuí a bhunú a bhféadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh ann:
|
(10) |
Maidir leis na rialacha lena rialaítear feidhmiú na gcomhlachtaí agus na struchtúr sin, i gcás inarb ann dóibh, mar aon le faisnéis maidir lena ngníomhaíochtaí, ba cheart iad a bheith ar fáil go poiblí agus ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal orthu, a mhéid is féidir, agus ba cheart sin a bheith amhlaidh freisin do dhaoine faoi mhíchumas. |
Coimircí chun rannpháirtíocht iriseoirí i gcinnteoireacht cuideachtaí meán a chur chun cinn
(11) |
Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán rannpháirtíocht comhaltaí den fhoireann eagarthóireachta nó a gcomhlachtaí ionadaíocha a chothú i bpróisis rialachais agus chinnteoireachta. D’fhéadfadh cearta faisnéise, cearta comhairliúcháin, cearta rannpháirtíochta, nó meascán díobh sin a bheith sa rannpháirtíocht sin; ní dhéanfaidh sé sin difear d’Airteagal 16 den Chairt. |
(12) |
D’fhéadfaí cearta faisnéise a bheartú go háirithe sna cásanna seo a leanas:
|
(13) |
Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán a áirithiú go rachfar i gcomhairle le comhaltaí den fhoireann eagarthóireachta nó lena gcomhlachtaí ionadaíocha maidir le ceapadh an phríomheagarthóra. Moltar don bhainistíocht agus don fhoireann eagarthóireachta teacht ar chomhaontú maidir leis an nós imeachta comhairliúcháin is infheidhme. |
(14) |
I gcás ina bhfuil sé ag teacht leis na rialacha náisiúnta is infheidhme atá i gcomhréir le dlí an Aontais, d’fhéadfaí an deis a thabhairt do chomhaltaí den fhoireann eagarthóireachta a bheith rannpháirteach i mbainistiú an tsoláthraí seirbhíse meán trí ionadaí amháin nó níos mó ar an mbord bainistíochta a thoghadh. |
Coimircí chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht na soláthraithe seirbhíse meán agus ar infheistíocht fhadtéarmach i dtáirgeadh ábhair
(15) |
Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán comhroinnt eolais a chur chun cinn agus dea-chleachtais a mhalartú sna fóraim ábhartha d’fhonn straitéisí a fhorbairt chun a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus a n-athléimneacht a mhéadú. Éascóidh an Coimisiún idirphlé den sórt sin laistigh den Fhóram Eorpach um Meáin Nuachta. |
(16) |
Léiríodh sa phlé go dtí seo go bhféadfaí iniúchadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nuálacha ábhartha i roinnt réimsí, lena n-áirítear:
|
(17) |
Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán beartais a fhorbairt lena n-áiritheofar trédhearcacht agus úsáid chothrom tabhartas. D’fhéadfaí a chuimsiú leis sin, mar shampla, nochtadh deontóirí a dhéanann síntiúis os cionn tairseach áirithe nó rialacha maidir le tabhartais ó dhaoine nó ó eintitis a bhféadfadh a dtabhartas an neamhspleáchas eagarthóireachta a chur i mbaol. |
(18) |
Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán freisin féachaint ar na féidearthachtaí maidir le comhar struchtúrach, lena n-áirítear thar theorainneacha, chun leas a bhaint as na deiseanna a chuireann an margadh inmheánach ar fáil ar an leibhéal Eorpach agus chun dul i bhfeidhm ar phobail mheáin eile. Ar an gcaoi chéanna, moltar do sholáthraithe seirbhíse meán iniúchadh a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí struchtúrtha, mar shampla, comhpháirtíochtaí atá dírithe ar shonraí a chomhthiomsú agus a shaothrú agus ar bhorradh a chur faoina n-acmhainneachtaí nuálaíochta. |
(19) |
Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán deiseanna gairmiúla oideachais agus oiliúna a chur chun cinn dá n-iriseoirí agus do ghairmithe eile sna meáin, lena n-áirítear athoiliúint agus athsciliú. Is féidir é sin a dhéanamh i gcomhar le comhlachtaí féinrialála meán, eagraíochtaí agus cumainn ghairmiúla, chomh maith le hinstitiúidí oideachais. |
ROINN III
Trédhearcacht úinéireacht na meán
(20) |
Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán a áirithiú go mbeidh rochtain éasca agus dhíreach ag an bpobal ar fhaisnéis mhionsonraithe, chuimsitheach agus cothrom le dáta maidir lena n-úinéireacht, lena n-áirítear, a mhéid is féidir, daoine faoi mhíchumas. Go háirithe, moltar do sholáthraithe seirbhíse meán rochtain a áirithiú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(21) |
Moltar do na Ballstáit gníomhú chun Moladh CM/Rec(2018)1 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiolrachas sna meáin agus trédhearcacht úinéireacht na meán a chur chun feidhme go héifeachtach. Go háirithe, moltar do na Ballstáit é a chur de chúram ar údarás nó ar chomhlacht rialála náisiúnta ábhartha bunachar sonraí tiomnaithe d’úinéireacht na meán ar líne a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, ina mbeidh sonraí imdhealaithe faoi chineálacha éagsúla meán, lena n-áirítear ar leibhéil réigiúnacha agus/nó áitiúla, ar a mbeadh rochtain éasca, thapa agus éifeachtach ag an bpobal saor in aisce, agus lena soláthrófaí tuarascálacha rialta maidir le húinéireacht seirbhísí meán faoi dhlínse Ballstáit ar leith. |
(22) |
Moltar do na Ballstáit agus dá n-údaráis nó dá gcomhlachtaí rialála náisiúnta malartuithe rialta dea-chleachtas a dhéanamh i réimse thrédhearcacht úinéireacht na meán. Go háirithe, ba cheart na malartuithe sin a bheith dírithe ar na bearta nó na huirlisí is éifeachtaí a shainaithint agus a chur chun cinn chun trédhearcacht úinéireacht na meán a mhéadú agus chun feabhas a chur ar chomhar riaracháin sa réimse sin. |
ROINN IV
Faireachán agus forálacha críochnaitheacha
(23) |
Chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar na bearta agus ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun obair leantach a dhéanamh ar an Moladh seo, ba cheart do na Ballstáit — 18 mí tar éis a ghlactha agus arna iarraidh sin ina dhiaidh sin — gach faisnéis ábhartha maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a shonraítear i Roinn III a chur faoi bhráid an Choimisiúin. |
(24) |
Beidh plé ag an gCoimisiún leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a rinneadh chun obair leantach a dhéanamh ar an Moladh seo, go háirithe ionadaithe soláthraithe seirbhíse meán agus iriseoirí, i bhfóraim ábhartha, go háirithe an Fóram Eorpach um Meáin Nuachta. |
(25) |
Más gá, breithneoidh an Coimisiún Moladh nua a ghlacadh, a chuirfear in ionad an Mholta seo, agus an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, mar a ghlac na comhreachtóirí é, á chur san áireamh, chomh maith le plé leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara. Chun amhras a sheachaint, i gcás aon fhorluí idir forálacha an Mholta seo agus an Rialachán lena mbunaítear creat coiteann do sheirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán), arna ghlacadh go críochnaitheach ag na comhreachtóirí, scoirfidh forálacha ábhartha an Mholta seo d’fheidhm a bheith acu nuair a bheidh feidhm ag forálacha an Rialacháin sin. |
Dírítear an Moladh seo chuig soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe san Aontas agus, a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí a shonraítear i Roinn III, chuig na Ballstáit freisin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Thierry BRETON
Comhalta den Choimisiún
(1) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (COM/2020/790 final).
(2) Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe meán eile san Aontas Eorpach a áirithiú (IO L 331, 20.9.2021, lch. 8).
(3) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”) (COM(2022) 177 final).
(4) Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”) (IO L 138, 17.5.2022, lch. 30).
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú (COM/2020/784 final).
(6) Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69).
(7) Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).
(8) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(9) Tuarascáil iomlán an Mhonatóra ar Iolrachas sna Meáin (2022), lch. 67.
(10) Mar shampla sa Fhrainc, Dlí Uimh. 2016-1524 (dá ngairtear “Loi Bloche”), agus sa Phortaingéil, Dlí Uimh. 1/99 an 13 Eanáir.
(11) Moladh CM/Rec(2018)1 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiolrachas sna meáin agus trédhearcacht úinéireacht na meán.
(12) Monatóir ar Iolrachas sna Meáin (2022) (tuarascáil iomlán), lch. 82.
(13) R.A. Harder & P. Knapen, Media Councils in the Digital Age: An inquiry into the practices of media self-regulatory bodies in the media landscape today, vzw Vereniging van de Raad voor de Journalistiek, an Bhruiséil, 2021.
(14) Bhunaigh an Coimisiún an Fóram Eorpach um Meáin Nuachta faoi phlean gníomhaíochta na meán agus an chlosamhairc chun an comhar le páirtithe leasmhara maidir le saincheisteanna a bhaineann leis na meáin a neartú.
(15) Féach na taifeadtaí agus achoimre ar an imeacht: https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/european-news-media-forum-industrial-transformation-glance
(16) Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34).
(17) Moladh CM/Rec(2018)1 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiolrachas sna meáin agus trédhearcacht úinéireacht na meán.
(18) Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).
(19) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(20) Féach An Chomhairle Eorpach: transparency of media ownership can help to make media pluralism effective by bringing ownership structures behind the media – which can influence editorial policies – to the awareness of the public and regulatory authorities [is féidir trédhearcacht úinéireacht na meán cuidiú le hiolrachas na meán a bheith éifeachtach trí na húdaráis phoiblí agus rialála a chur ar an eolas faoi struchtúir úinéireachta taobh thiar de na meáin — ar féidir leo tionchar a imirt ar bheartais eagarthóireachta], brollach Mholadh CM/Rec(2018)1 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiolrachas sna meáin agus trédhearcacht úinéireacht na meán. Féach freisin an Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc: “The transparency of media ownership can stabilise and promote confidence that this power will not be abused for subversively advancing the respective owners’ own political, economic and societal interests but instead used to promote the common good, namely, to carry out media-related fact checks”, féach M. Cappello (eag.), Transparency of media ownership, IRIS Special, an Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc, Strasbourg, 2021.
(21) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(22) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).