26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 204/4 |
RIALACHÁN (AE) 2020/873Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2020
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe áirithe mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), bunaítear an creat rialála stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (“institiúidí”) atá ag oibriú san Aontas. Leis an gcreat rialála stuamachta sin, a glacadh i ndiaidh na géarchéime airgeadais a tháinig chun cinn in 2007-2008, agus a bhí bunaithe, den chuid is mó, ar chaighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) in 2010, a dtugtar creat Basel III air, rannchuidíodh le feabhas a chur ar athléimneacht na n-institiúidí a oibríonn san Aontas agus iad a dhéanamh níos ullmhaithe chun déileáil le deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear deacrachtaí a eascraíonn as géarchéimeanna amach anseo. |
(2) |
Ó tháinig sé i bhfeidhm, rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú roinnt uaireanta chun aghaidh a thabhairt ar laigí atá ann fós sa chreat rialála stuamachta agus chun roinnt eilimintí den athchóiriú domhanda ar sheirbhísí airgeadais atá fós gan réiteach agus atá fíor-riachtanach a chur chun feidhme chun athléimneacht na n-institiúidí a áirithiú. Ar na hathruithe sin, le Rialachán (AE) 2017/2395 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) tugadh isteach socruithe idirthréimhseacha i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun an tionchar a bhí ag tabhairt isteach na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais— Ionstraimí Airgeadais (IFRS 9) ar chistí dílse a mhaolú. Le Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ceanglas i gcomhair cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha, an cúlstop stuamachta mar a thugtar air. |
(3) |
Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 roinnt de na heilimintí deireanacha de chuid chreat Basel III. Áirítear ar na heilimintí sin, i measc nithe eile, sainiú nua ar an gcóimheas luamhánaithe agus maolán cóimheasa luamhánaithe, dhá rud a chuireann cosc ar institiúidí luamhánú a mhéadú an iomarca, chomh maith le forálacha le haghaidh láimhseáil stuamachta níos fabhraí i gcás sócmhainní bogearraí áirithe agus le haghaidh láimhseáil stuamachta níos fabhraí i gcás iasachtaí áirithe atá cumhdaithe ag pinsin nó ag tuarastail, fachtóir tacaíochta athbhreithnithe le haghaidh iasachtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (“fachtóir tacaíochta FBM”), agus coigeartú nua ar cheanglais cistí dílse maidir le priacal creidmheasa le haghaidh risíochtaí ar eintitis a oibríonn nó a mhaoiníonn struchtúir fhisiciúla nó áiseanna, córais agus líonraí a chuireann seirbhísí poiblí ríthábhachtacha ar fáil nó a thugann tacaíocht dóibh (an “fachtóir tacaíochta bonneagair”). |
(4) |
Tá tionchar leitheadach imeartha ar an ngeilleagar ag an tuairt thromchúiseach gheilleagrach arbh iad paindéim COVID-19 agus na bearta srianta eisceachtúla ba chúis léi. Tá aghaidh á thabhairt ag gnólachtaí ar shuaitheadh i slabhraí soláthair, ar dhúnadh sealadach agus ar éileamh laghdaithe, agus tá teaghlaigh ag dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus le laghdú ioncaim san am céanna. Ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, tá gníomhaíocht chinntitheach déanta ag údaráis phoiblí chun tacú le teaghlaigh agus le gnóthais shócmhainneacha chun an fód a sheasamh in aghaidh an mhoillithe ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch, rud atá géar ach sealadach, agus in aghaidh na nganntanas leachtachta a tháinig chun cinn dá bharr. |
(5) |
Beidh príomhról ag na hinstitiúidí ó thaobh rannchuidiú leis an téarnamh. San am céanna, is dócha go mbeidh siad féin buailte ag an staid eacnamaíoch a bheith ag dul in olcas. Tá faoiseamh caipitil sealadach, faoiseamh leachtachta sealadach agus faoiseamh oibríochtúil sealadach curtha ar fáil ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus ag na húdaráis inniúla chun a áirithiú gur féidir leis na hinstitiúidí leanúint dá ról a chomhlíonadh i dtaca leis an bhfíorgheilleagar a mhaoiniú ainneoin an timpeallacht atá níos dúshlánaí. Go háirithe, tá soiléireacht tugtha ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag ÚBE i dtaca le cur i bhfeidhm na solúbthachta atá leabaithe cheana féin i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí léirithe agus treoir a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an chreata stuamachta i gcomhthéacs COVID-19. Áirítear leis an treoir sin teachtaireacht léiritheach ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2020 maidir le cur i bhfeidhm na gcreataí cuntasaíochta agus stuamachta chun iasachtaí bainc AE a éascú - Chun tacú le gnólachtaí agus teaghlaigh le linn COVID-19. Mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, thug CBMB roinnt solúbthachta freisin i dtaca le cur i bhfeidhm caighdeán idirnáisiúnta. |
(6) |
Tá sé tábhachtach go n-úsáidfidh na hinstitiúidí a gcaipiteal san áit is mó a mbeidh sé de dhíth agus go n-éascófar an méid sin le linn dóibh déanamh amhlaidh le creat rialála an Aontais agus é á áirithiú leis, san am céanna, go ngníomhóidh na hinstitiúidí go stuama. De bhreis ar an tsolúbthacht a thugtar cheana féin sna rialacha atá ann cheana, le hathruithe spriocdhírithe ar Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876, d’áiritheofaí go n-idirghníomhódh an creat rialála stuamachta go réidh leis na bearta éagsúla a thugann aghaidh ar phaindéim COVID-19. |
(7) |
Imthosca urghnácha phaindéim COVID-19 agus méid na ndúshlán a ghabhann léi, dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, ba iad a spreag glaonna ar ghníomhaíocht láithreach chun a áirithiú go bhfuil na hinstitiúidí in ann cistí a dhíriú ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh ar bhealach éifeachtach agus chun an tuairt gheilleagrach arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi a mhaolú. |
(8) |
Na ráthaíochtaí arna soláthar i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 ag rialtais náisiúnta nó ag eintitis phoiblí eile, a meastar gur comhionann a n-acmhainneacht creidmheasa faoin gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasaa leagtar amach i gCuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tá siad inchomparáide a mhéid a bhaineann lena gcuid éifeachtaí maolaithe priacail le ráthaíochtaí arna soláthar ag gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 47c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá bhrí sin, tá bonn cirt leis na ceanglais cumhdaigh íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha a thairbhíonn de ráthaíochtaí arna ndeonú ag rialtais náisiúnta nó ag eintitis phoiblí eile a ailíniú leis na ráthaíochtaí do risíochtaí neamhthuillmheacha a thairbhíonn de ráthaíochtaí arna ndeonú ag gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla. |
(9) |
Ón bhfianaise atá tagtha chun cinn i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, is léir go bhféadfadh an fhéidearthacht risíochtaí áirithe ar bhainc cheannais a eisiamh go sealadach ó ríomh an tomhais risíochta iomláin atá ag institiúid, mar a leagtar síos in Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876, go bhféadfadh an fhéidearthacht sin a bheith fíor-riachtanach le linn géarchéime. Mar sin féin, ní thiocfaidh an lánrogha risíochtaí den sórt sin a eisiamh chun bheith infheidhme go dtí an 28 Meitheamh 2021. Dá bhrí sin, roimh an dáta sin, ní bheadh na húdaráis inniúla in ann úsáid a bhaint as an ionstraim sin chun aghaidh a thabhairt ar an méadú a bhfuiltear ag súil leis ar risíochtaí ar bhainc cheannais i ngeall ar bhearta beartais airgeadaíochta arna n-úsáid chun tionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19 a mhaolú. Dealraíonn sé, ina theannta sin, go bhfuil bac ar éifeachtacht na hionstraime sin sin mar gheall ar an tsolúbthacht laghdaithe a eascraíonn as an sásra fritháirimh a ghabhann le heisiaimh shealadacha den sórt sin, rud a chuirfeadh srian ar chumas na n-institiúidí risíochtaí ar bhainc cheannais a mhéadú i gcás géarchéime. D’fhéadfaídh sé sa deireadh, mar thoradh ar an méid sin, go ndéanfaí iachall a chur ar institiúid a leibhéal iasachtaithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a laghdú. Dá bhrí sin, chun aon iarmhairtí neamh-inmhianaithe a bhaineann leis an sásra fritháirimh a sheachaint agus chun éifeachtacht an eisiaimh sin a áirithiú i gcoinne tuairteanna agus éigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ba cheart an sásra fritháirimh a mhodhnú. Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh an lánrogha sin ar fáil le linn phaindéim reatha COVID-19, ba cheart an fhéidearthacht risíochtaí áirithe ar bhainc cheannais a eisiamh go sealadach a bheith ar fáil cheana féin sula dtiocfaidh an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun bheith infheidhme an 28 Meitheamh 2021. Go dtí go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha leasaithe maidir le ríomh an chóimheasa luamhánaithe mar a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/876, ba cheart Airteagal 429a leanúint d’fheidhm a bheith aige san fhoclaíocht a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/62 ón gCoimisiún (11). |
(10) |
In 2017, rinne CBMB athbhreithniú ar ríomh luach risíochta an chóimheasa luamhánaithe atá ag gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá fós le socrú chun a áirithiú go léiríonn an láimhseáil mar is ceart an luamhánú bunúsach a bhaineann leis na trádálacha sin agus nach bhfuil tionchar ag difríochtaí cuntasaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann ar an ríomh i measc institiúidí a bhfuil suíomhanna inchomparáide acu. San Aontas, tugadh an t-athbhreithniú isteach le Rialachán (AE) 2019/876. Mar sin féin, is ar an 28 Meitheamh 2021 amháin a thiocfaidh an láimhseáil níos fabhraí sin chun bheith infheidhme. Dá bhrí sin, ós rud é go ndéanfadh an ríomh athbhreithnithe sin fíorluamhánú idirbhirt a léiriú ar bhealach níos iomchuí agus, ag an am céanna, go méadódh sé cumas institiúide iasachtaí a thabhairt agus caillteanais a ionsú le linn phaindéim COVID-19, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag institiúidí cheana féin an ríomh athbhreithnithe a chur i bhfeidhm go sealadach sula dtiocfaidh an fhoráil a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/876 chun bheith infheidhme ar gach institiúid san Aontas. |
(11) |
Tá líon mór institiúidí a oibríonn san Aontas faoi réir IFRS 9 ón 1 Eanáir 2018 i leith. I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta a ghlac CBMB, le Rialachán (AE) 2017/2395 tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 socruithe idirthréimhseacha chun maolú a dhéanamh ar an tionchar mór diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 institiúidí a eascraíonn as cuntasaíocht um chaillteanas creidmheasa ionchasach faoi IFRS 9. |
(12) |
Mar thoradh ar chur i bhfeidhm IFRS 9 le linn an chúlaithe eacnamaíoch arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leis, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú suntasach tobann ar sholáthairtí le haghaidh chaillteanais chreidmheasa ionchasacha, mar, i gcás cuid mhór de na risíochtaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na caillteanais ionchasacha sin ar feadh a saolré a ríomh. Shoiléirigh CBMB, ÚBE agus ÚEUM go bhfuiltear ag súil nach ndéanfaidh na hinstitiúidí a gcur chuige maidir le caillteanas creidmheasa ionchasach atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm go meicniúil i staideanna eisceachtúla amhail paindéim COVID-19 ach, ina ionad sin, go n-úsáidfidh siad an tsolúbthacht atá go dlúth in IFRS 9, mar shampla chun béim chuí a chur ar threochtaí eacnamaíocha fadtéarmacha. Chomhaontaigh CBMB an 3 Aibreán 2020 níos mó solúbthachta a cheadú maidir le cur chun feidhme na socruithe idirthréimhseacha lena gcéimnítear isteach tionchar IFRS 9. Chun teorainn a chur leis an luaineacht a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcaipiteal rialála má thagann méadú suntasach ar sholáthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha mar thoradh ar phaindéim COVID-19, is gá síneadh a chur leis na socruithe idirthréimhseacha i ndlí an Aontais freisin. |
(13) |
Chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag méadú tobann i soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar chumas institiúidí iasachtaí a thabhairt do chliaint an tráth is mó a bheidh gá leo, ba cheart síneadh dhá bhliain a chur leis na socruithe idirthréimhseacha, agus ba cheart cead a bheith ag institiúidí aon mhéadú ar na soláthairtí nua le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a aithníonn siad in 2020 agus in 2021 le haghaidh a gcuid sócmhainní airgeadais, nach bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, a chur ar ais go hiomlán lena gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Thabharfaí, leis na hathruithe sin, faoiseamh breise ón tionchar a bheadh ag paindéim COVID-19 ar an méadú a d’fhéadfadh teacht ar riachtanais soláthair na n-institiúidí faoi IFRS 9, agus san am céanna choinneofaí ar bun na socruithe idirthréimhseacha le haghaidh mhéideanna na gcaillteanas creidmheasa ionchasach arna mbunú roimh phaindéim COVID-19. |
(14) |
Na hinstitiúidí a chinn roimhe sin na socruithe idirthréimhseacha a úsáid nó gan iad a úsáid, ba cheart dóibh a bheith in ann an cinneadh sin a fhreaschur tráth ar bith le linn na hidirthréimhse nua, faoi réir an cead a fháil roimh ré óna n-údarás inniúil. Ba cheart don údarás inniúil a áirithiú nach ndéanfar freaschur den sórt sin mar gheall ar bhreithnithe arbatráiste rialála. Ina dhiaidh sin, agus faoi réir an cead a fháil roimh ré ón údarás inniúil, ba cheart an deis a bheith ag na hinstitiúidí cinneadh a dhéanamh éirí as na socruithe idirthréimhseacha a úsáid. |
(15) |
Braitear tionchar as cuimse phaindéim COVID-19 i dtaca leis na leibhéil ollmhóra luaineachta sna margaí airgeadais, as a dtagann, in éineacht leis an éiginnteacht, torthaí méadaithe le haghaidh fiachais phoiblí as a n-eascraíonn, mar thoradh, caillteanais neamhréadaithe ar shealúchais fiachais phoiblí na n-institiúidí. Chun maolú a dhéanamh ar thionchar diúltach suntasach na luaineachta i margaí fiachais na rialtas láir le linn phaindéim COVID-19 ar chaipiteal rialála na n-institiúidí agus dá bhrí sin ar chumas na n-institiúidí iasachtaí a thabhairt do chliaint, ba cheart scagaire stuamachta sealadach a athbhunú, ar scagaire é a dhéanfadh an tionchar sin a neodrú. |
(16) |
Ceanglaítear ar na hinstitiúidí a samhlacha inmheánacha a chúltástáil gach lá chun measúnú a dhéanamh an ngineann na samhlacha sin ceanglais chaipitil leordhóthanacha chun caillteanais leabhair trádála a ionsú. Mar thoradh ar mhainneachtainí sa cheanglas cúltástála, ar a dtugtar róluaineachtaí freisin, más os cionn líon áirithe in aghaidh na bliana iad, bheadh iolraitheoir cainníochtúil breise á chur i bhfeidhm ar na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh arna ríomh trí shamhlacha inmheánacha a úsáid. Tá an ceanglas cúltástála an-chomhthimthriallach i dtréimhse luaineachta ollmhóire, amhail an tréimhse arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi. Mar thoradh ar an ngéarchéim, tá méadú suntasach tagtha ar an iolraitheoir cainníochtúil ar phriacal margaidh a chuirtear i bhfeidhm ar shamhlacha inmheánacha. Faoi chreat Basel III, cé go bhféadfaidh údaráis inniúla imeachtaí urghnácha den sórt sin i samhlacha inmheánacha i leith priacal margaidh a mhaolú, níl an lánrogha mhaoirseachta sin ar fáil ina hiomláine faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá bhrí sin, ba cheart solúbthacht bhreise a thabhairt isteach d’údaráis inniúla chun éifeachtaí diúltacha na luaineachta ollmhóire margaidh a chonacthas le linn phaindéim COVID-19 a mhaolú chun na róluaineachtaí a tharla idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2021 nach dtagann as easnaimh i samhlacha inmheánacha a eisiamh. Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó phaindéim COVID-19, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cheart solúbthacht den sórt sin a chur ar fáil freisin tráth a dtarlódh teagmhais luaineachta ollmhóire margaidh amach anseo. |
(17) |
I Márta 2020, rinne Grúpa na nGobharnóirí Bainc Ceannais agus na gCeann Maoirseachta athbhreithniú ar amlíne chur chun feidhme na n-eilimintí deireanacha de chreat Basel III. Cé gur gá an chuid is mó de na heilimintí deireanacha a chur chun feidhme go fóill i ndlí an Aontais, rinneadh an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe le haghaidh institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo a chur chun feidhme cheana féin trí na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/876. Dá bhrí sin, agus chun cothrom na féinne a áirithiú go hidirnáisiúnta d’institiúidí atá bunaithe san Aontas agus a oibríonn lasmuigh den Aontas freisin, ba cheart an dáta cur i bhfeidhm le haghaidh an cheanglais maidir le maolán cóimheasa luamhánaithe a leagtar amach sa Rialachán sin a chur siar bliain amháin go dtí an 1 Eanáir 2023. Agus cur i bhfeidhm an cheanglais maidir le maolán cóimheasa luamhánaithe curtha ar athló, ní bheadh, le linn na tréimhse sin, aon iarmhairtí ann a d’eascródh as mainneachtain an ceanglas sin mar a leagtar amach in Airteagal 141c de Threoir 2013/36/AE é a chomhlíonadh agus ní bheadh aon srian gaolmhar ar dháileacháin a leagtar amach in Airteagal 141b den Treoir sin ann. |
(18) |
I dtaca le hiasachtaí arna ndeonú ag institiúidí creidmheasa do phinsinéirí nó d’fhostaithe a bhfuil conradh buan acu i gcoinne aistriú neamhchoinníollach cuid de phinsean nó de thuarastal an iasachtaí chuig an institiúid creidmheasa sin, leasaíodh Airteagal 123 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/876 ionas go bhféadfaí iasachtaí den sórt sin a láimhseáil ar bhonn níos fabhraí. Le cur i bhfeidhm láimhseála den sórt sin, i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, dhreasófaí institiúidí chun iasachtú d’fhostaithe agus do phinsinéirí a mhéadú. Is gá, dá bhrí sin, dáta chur i bhfeidhm na forála sin a thabhairt chun tosaigh ionas gur féidir le hinstitiúidí í a úsáid cheana féin le linn phaindéim COVID-19. |
(19) |
Ó tharla go gceadaítear le fachtóir tacaíochta FBM agus leis an bhfachtóir tacaíochta bonneagair láimhseáil níos fabhraí a dhéanamh ar risíochtaí áirithe ar FBManna agus ar bhonneagar, trí bhíthin a gcur i bhfeidhm i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 dhreasófaí institiúidí chun iasachtú a bhfuil géarghá leis a mhéadú. Is gá, dá bhrí sin, dáta chur i bhfeidhm an dá fhachtóir thacaíochta a thabhairt chun tosaigh ionas gur féidir le hinstitiúidí iad a úsáid cheana féin le linn phaindéim COVID-19. |
(20) |
Le Rialachán (AE) 2019/876, leasaíodh láimhseáil stuamachta sócmhainní bogearraí áirithe chun tacaíocht bhreise a thabhairt don aistriú i dtreo earnáil baincéireachta a bheidh níos digitithe. Sa chomhthéacs inar glacadh seirbhísí digiteacha ar bhonn luathaithe de bharr bearta poiblí a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, ba cheart dáta chur i bhfeidhm na n-athruithe sin a thabhairt chun tosaigh. |
(21) |
D’fheadfadh sé go mbeadh maoiniú poiblí trí eisiúint bannaí rialtais atá ainmnithe in airgeadra intíre Ballstáit eile a bheith riachtanach chun tacú le bearta chun iarmhairtí phaindéim COVID-19 a chomhrac. Chun nach mbeidh srianta neamhriachtanacha ann ar institiúidí a infheistíonn i mbannaí den sórt sin, is iomchuí na socruithe idirthréimhseacha a thabhairt isteach arís le haghaidh risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais i gcás ina bhfuil na risíochtaí sin ainmnithe in airgeadra intíre Ballstáit eile i ndáil le láimhseáil na risíochtaí sin faoin gcreat priacail creidmheasa agus fad a chur leis na socruithe idirthréimhseacha i ndáil le láimhseáil na risíochtaí sin faoi na teorainneacha do risíochtaí móra. |
(22) |
Sna himthosca eisceachtúla a spreag paindéim COVID-19, táthar ag súil go rannchuideoidh geallsealbhóirí leis na hiarrachtaí chun téarnamh a bhaint amach. Tá ÚBE, an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis inniúla eile tar éis moltaí a eisiúint d’institiúidí íocaíochtaí díbhinní agus aischeannach scaireanna a chur ar fionraí i rith phaindéim COVID-19. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na moltaí sin a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla leas iomlán a bhaint as a gcuid cumhachtaí maoirseachta, lena n-áirítear cumhachtaí chun srianta ceangailteacha a fhorchur ar dháileacháin d’institiúidí nó teorainneacha a fhorchur ar luach saothair inathraithe, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE. Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó phaindéim COVID-19, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cheart cumhachtaí ceangailteacha breise a thabhairt d’údaráis inniúla chun srianta a fhorchur ar dháileacháin in imthosca eisceachtúla. |
(23) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cumas institiúidí iasachtaí a thabhairt agus caillteanais a bhaineann le paindéim COVID-19 a ionsú a uasmhéadú, agus athléimneacht institiúidí den sórt sin á háirithiú san am céanna, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(24) |
Chun go mbeadh na bearta tacaíochta urghnácha arna nglacadh chun tionchar phaindéim COVID-19 a mhaolú iomlán éifeachtach i dtaca leis an earnáil baincéireachta a choimeád níos athléimní agus dreasacht a sholáthar do na hinstitiúidí le leanúint den iasachtú, is gá éifeacht mhaolaithe na mbeart sin a léiriú láithreach bonn ar an mbealach ina gcinntear ceanglais caipitil rialála. Ag féachaint don phráinn atá leis na coigeartuithe sin ar an gcreat rialála stuamachta, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(25) |
I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na himthosca eisceachtúla arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
(26) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 47c(4), cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an fhrása réamhráitigh: “4. De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas maidir leis an gcuid den risíocht neamhthuillmheach arna ráthú nó arna hárachú ag gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil nó arna ráthú nó arna frithráthú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 201(1), risíochtaí neamhurraithe a sannfaí ualú priacail 0 % dóibh faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí:”; |
(2) |
in Airteagal 114, scriostar mír 6; |
(3) |
in Airteagal 150(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii) de phointe (d) den chéad fhomhír:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 429a, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876, mar a leanas:
|
(5) |
scriostar Airteagal 467; |
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 468: “Airteagal 468 Láimhseáil shealadach gnóthachan agus caillteanas neamhréadaithe arna dtomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i bhfianaise phaindéim COVID-19 1. De mhaolú ar Airteagal 35, féadfaidh na hinstitiúidí, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022 (‘tréimhse na láimhseála sealadaí’), méid A, arna chinneadh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, a bhaint ó ríomh a gcuid ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
nuair:
2. Cuirfidh na institiúidí na fachtóirí seo a leanas i bhfeidhm chun méid A dá dtagraítear i mír 1 a ríomh:
3. I gcás ina gcinneann institiúid an láimhseáil shealadach a leagtar amach i mír 1 a chur i bhfeidhm, cuirfidh an institiúid sin a cinneadh in iúl don údarás inniúil ar a laghad 45 lá roimh an dáta cur isteach le haghaidh thuairisciú na faisnéise bunaithe ar an láimhseáil sin. Faoi réir réamhchead an údaráis inniúil, féadfaidh an institiúid a céad chinneadh a fhreaschur uair amháin le linn thréimhse na láimhseála sealadaí. Nochtfaidh institiúidí go poiblí an gcuireann siad an láimhseáil sin i bhfeidhm. 4. I gcás ina mbaineann institiúid méid caillteanas neamhréadaithe óna hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sí na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a ríomhtar agus aon cheann de na hítimí seo a leanas á úsáid a athríomh:
Le linn di an ceanglas ábhartha a athríomh, ní chuirfidh an institiúid san áireamh na héifeachtaí a bheidh ag soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha maidir le risíochtaí ar rialtais láir, ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 115(2) den Rialachán seo agus ar eintitis san earnáil phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 116(4) den Rialachán seo ar na hítimí sin, cé is moite de na sócmhainní airgeadais sin a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9. 5. Le linn na dtréimhsí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear i gCuid a hOcht a nochtadh, nochtfaidh na hinstitiúidí a chinn an láimhseáil shealadach a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm na méideanna cistí dílse, caipiteal Ghnáthchothromais Leibhéal 1 agus caipiteal Leibhéal 1, an cóimheas caipitil iomlán, cóimheas caipitil Ghnáthchothromais Leibhéal 1, cóimheas caipitil Leibhéal 1 agus an cóimheas luamhánaithe a bheadh acu i gcás nach gcuirfidís an láimhseáil sin i bhfeidhm.”; |
(7) |
leasaítear Airteagal 473a mar a leanas:
|
(8) |
in Airteagal 495, scriostar mír 2; |
(9) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 500a Láimhseáil shealadach fiachais phoiblí arna eisiúint in airgeadra Ballstáit eile 1. De mhaolú ar Airteagal 114(2), go dtí an 31 Nollaig 2024, do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát, i gcás inar risíochtaí iad sin atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre Ballstáit eile, tá feidhm ag an méid seo a leanas:
2. De mhaolú ar Airteagail 395(1) agus 493(4), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí na risíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhú, suas go dtí na teorainneacha seo a leanas:
Beidh feidhm ag na teorainneacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo maidir le luachanna risíochta tar éis éifeacht an mhaolaithe priacail creidmheasa a chur i gcuntas i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403. 3. De mhaolú ar phointe (ii) de phointe (d) d’Airteagal 150(1), tar éis an cead a fháil roimh ré ó na húdaráis inniúla agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 150, féadfaidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm freisin maidir le risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, i gcás ina sanntar ualú priacail 0 % do na risíochtaí sin faoi mhír 1 den Airteagal seo. Airteagal 500b Risíochtaí áirithe ar bhainc cheannais a eisiamh go sealadach ón tomhas iomlán risíochta i bhfianaise phaindéim COVID-19 1. De mhaolú ar Airteagal 429(4), go dtí an 27 Meitheamh 2021, féadfaidh institiúid na risíochtaí seo a leanas ar bhanc ceannais na hinstitiúide a eisiamh óna tomhas iomlán risíochta, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo:
Ní mó an méid a eisiann an institiúid ná meánmhéid laethúil na risíochtaí a liostaítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír thar thréimhse cothabhála cúltaca iomlán is déanaí bhanc ceannais na hinstitiúide. 2. Féadfaidh institiúid na risíochtaí a liostaítear i mír 1 a eisiamh i gcás inar chinn údarás inniúil na hinstitiúide, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, agus inar fhógair sé go poiblí go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann go bhfuil bonn leis an eisiamh, chun cur chun feidhme beartas airgeadaíochta a éascú. Comhlíonfaidh na risíochtaí atá le heisiamh faoi mhír 1 an dá choinníoll seo a leanas:
Institiúid a eisiann risíochtaí ar a banc ceannais óna tomhas iomlán risíochta i gcomhréir le mír 1, nochtfaidh sí freisin an cóimheas luamhánaithe a bheadh aici mura ndéanfadh sí na risíochtaí sin a eisiamh. Airteagal 500c Róluaineachtaí a eisiamh ó ríomh na suiminne cúltástála i bhfianaise phaindéim COVID-19 De mhaolú ar Airteagal 366(3), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí, in imthosca eisceachtúla agus i gcásanna aonair, na róluaineachtaí atá fianaithe le cúlthástáil na hinstitiúide ar athruithe hipitéiseacha nó iarbhír a eisiamh ó ríomh na suiminne a leagtar amach in Airteagal 366(3), ar choinníoll nach dtagann na róluaineachtaí sin as easnaimh sa tsamhail inmheánach agus ar choinníoll gur tharla siad idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2021. Airteagal 500d Luach risíochta gnáthcheannach agus gnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh go sealadach i bhfianaise phaindéim COVID-19 1. De mhaolú ar Airteagal 429(4), go dtí an 27 Meitheamh 2021, féadfaidh institiúidí luach risíochta gnáthcheannach agus gnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo. 2. Láimhseálfaidh institiúidí airgead tirim a bhaineann le gnáthdhíolacháin agus urrúis a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhanann ar an gclár comhardaithe go dtí an dáta socraíochta mar shócmhainní i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 429(4). 3. Déanfaidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú aon fhritháireamh a fhreaschur idir airgead tirim infhála i leith gnáthdhíolacháin atá le socrú agus airgead tirim iníoctha i leith gnáthcheannaigh atá le socrú a cheadaítear faoin gcreat cuntasaíochta sin. Tar éis do na hinstitiúidí an fritháireamh cuntasaíochta a fhreaschur, féadfaidh siad an t-airgead tirim infhála sin agus an t-airgead tirim iníoctha sin araon a fhritháireamh i gcás ina socraítear na gnáthdhíolacháin agus na gnáthcheannaigh ábhartha araon ar bhonn seachadta in aghaidh íocaíochta. 4. Áireoidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú, luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh sa tomhas risíochta iomlán. Féadfaidh institiúidí luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhritháireamh le luach ainmniúil iomlán an airgid thirim infhála a bhaineann le gnáthdhíolacháin atá le socrú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
5. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán’ ceannach nó díolachán urrúis faoi chonradh a n-éilíonn na téarmaí a ghabhann leis go ndéanfar an t-urrús a sheachadadh laistigh den tréimhse ama arna bhunú go ginearálta le dlí nó le gnás sa mhargadh lena mbaineann.”; |
(10) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 518b Tuarascáil maidir le róluaineachtaí agus cumhachtaí maoirseachta chun teorainn a chur le dáileacháin Faoin 31 Nollaig 2021, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle á rá an dtugann imthosca eisceachtúla lena spreagtar suaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach i bhfeidhmiú ordúil agus i sláine na margaí airgeadais bonn cirt don mhéid seo a leanas:
Breithneoidh an Coimisiún bearta breise, más iomchuí.”. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/876
Leasaítear Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/876 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 27 Meitheamh 2020.
D’ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag pointe (4) d’Airteagal 1 ón 28 Meitheamh 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. BRNJAC
(1) IO C 180, 29.5.2020, lch. 4.
(2) Tuairim an 10 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúíl) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(5) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(6) Rialachán (AE) 2017/2395 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na socruithe idirthréimhseacha leis an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach IFRS 9 ar chistí dílse a mhaolú agus le haghaidh láimhseáil risíochtaí móra i gcás risíochtaí áirithe san earnáil phoiblí atá ainmnithe in airgeadra intíre aon Bhallstáit (IO L 345, 27.12.2017, lch. 27).
(7) Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (IO L 111, 25.4.2019, lch. 4).
(8) Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/62 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóimheas luamhánaithe (IO L 11, 17.1.2015, lch. 37).