2.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 194/13 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1583 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Lúnasa 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh Lachta-N-neoiteatra-ós (foinse mhiocróbach)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/375 ón gCoimisiún (3), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), údaraíodh Lachta-N-neoiteatra-ós atá sintéisithe go ceimiceach a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh. |
(4) |
De bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97, an 1 Meán Fómhair 2016 chuir an chuideachta Glycom A/S an Coimisiún ar an eolas go raibh sé beartaithe aici Lachta-N-neoiteatra-ós ó fhoinse mhiocróbach a tháirgtear le Escherichia coli géinmhodhnaithe, tréithchineál K-12, a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh. Áiríodh Lachta-N-neoiteatra-ós de thionscnamh miocróbach a tháirgtear le Escherichia coli géinmhodhnaithe, tréithchineál K-12, i liosta an Aontais de bhianna núíosacha ar bhonn an fhógra sin nuair a bunaíodh liosta an Aontais. |
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1314 ón gCoimisiún (5) leasaíodh sonraíochtaí an bhia núíosaigh Lachta-N-neoiteatra-ós (foinse mhiocróbach) a tháirgtear le Escherichia coli géinmhodhnaithe, tréithchineál K-12. |
(6) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/912 ón gCoimisiún (6) leasaíodh sonraíochtaí an bhia núíosaigh Lachta-N-neoiteatra-ós (foinse mhiocróbach) chun cead a thabhairt Lachta-N-neoiteatra-ós a tháirgtear trí chomhghníomhaíocht na dtréithchineálacha géinmhodhnaithe PS-LNnT-JBT agus DS-LNnT-JBT arna ndíorthú ó Escherichia coli tréithchineál BL21(DE3) a chur ar an margadh faoi na coinníollacha úsáide céanna leis na coinníollacha sin a údaraíodh cheana le haghaidh Lachta-N-neoiteatra-óis. |
(7) |
An 15 Samhain 2022, chuir an chuideachta Chr. Hansen A/S (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 ar athrú ar shonraíochtaí Lachta-N-neoiteatra-óis (foinse mhiocróbach) a tháirgtear le comhghníomhaíocht na dtréithchineálacha díorthacha PS-LNnT-JBT agus DS-LNnT-JBT de Escherichia coli, tréithchineál BL21(DE3). D’iarr an t-iarratasóir go gcuirfí an tagairt chineálach do na tréithchineálacha díorthacha géinmhodhnaithe PS-LNnT-JBT agus DS-LNnT-JBT de Escherichia coli BL21(DE3) a úsáidtear chun Lachta-N-neoiteatra-ós (foinse mhiocróbach) a tháirgeadh a chur in ionad na tagartha don dá thréithchineál. Ina theannta sin, d’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí athrú ar shonraíochtaí Lachta-N-neoiteatra-óis (foinse mhiocróbach) ionas gur féidir é a tháirgeadh agus úsáid á baint as tréithchineálacha díorthacha údaraithe de Escherichia coli K-12 agus/nó de Escherichia coli BL21(DE3) seachas é a tháirgeadh faoin mbealach teoranta atá ann faoi láthair, is é sin tréithchineál díorthach údaraithe de Escherichia coli K-12 nó tréithchineálacha díorthacha údaraithe de Escherichia coli BL21(DE3) a úsáid. |
(8) |
Thug an t-iarratasóir údar leis an iarraidh ar na hathruithe atá beartaithe ar shonraíochtaí Lachta-N-neoiteatra-óis (foinse mhiocróbach) chun an méid seo a leanas a chur in ionad na tagartha sonraí do PS-LNnT-JBT agus DS-LNnT-JBT de Escherichia coli, tréithchineál BL21(DE3): tagairt níos cineálaí do tháirgeadh agus do thréithchineálacha díghrádúcháin roghnacha a bheith mar bhealach níos cruinne chun tuairisc a thabhairt ar na feidhmeanna atá ag an dá tréithchineál féin sa phróiseas táirgeachta mar a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú orthu (7), agus mar mhodh chun go mbeidh níos mó solúbthachta ag an iarratasóir agus ag oibreoirí bia eile chun díorthaigh údaraithe Escherichia coli tréithchineál BL21(DE3) a úsáid i gcomhréir lena bhfeidhmeanna féin seachas a gcuid táirgeachta a theorannú do na tréithchineálacha díorthacha sonracha PS-LNnT-JBT agus DS-LNnT-JBT. Ina theannta sin, ó thaobh an iarratasóra de, leis an modhnú sin dhéanfaí sonraíochtaí údaraithe Lachta-N-neoiteatra-óis a tháirgtear le tréithchineálacha díorthacha de Escherichia coli, tréithchineál BL21(DE3) a ailíniú le sonraíochtaí údaraithe bianna núíosacha eile a tháirgtear le táirgeadh Escherichia coli BL21(D3) agus a thréithchineálacha díorthacha díghrádúcháin roghnacha eile nach luaitear tréithchineálacha díorthacha sonracha iontu. Thug an t-iarratasóir údar leis an iarraidh ar úsáid meascán de thréithchineálacha díorthacha údaraithe de Escherichia coli a cheadú, is iad sin Escherichia coli K-12 agus/nó Escherichia coli BL21(DE3), mar mhodh breise chun go mbeidh níos mó solúbthachta ag an iarratasóir agus ag oibreoirí gnólachtaí bia eile chun tréithchineálacha díorthacha údaraithe de Escherichia coli a úsáid i dtáirgeadh Lachta-N-neoiteatra-óis. |
(9) |
Measann an Coimisiún nach dócha go mbeidh tionchar ag an nuashonrú a iarradh ar liosta an Aontais maidir leis an athrú ar shonraíochtaí Lachta-N-neoiteatra-óis a mhol an t-iarratasóir ar shláinte an duine agus nach gá don Údarás meastóireacht sábháilteachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. Rinne an tÚdarás (8) measúnú dearfach ar mháthair-thréithchineálacha de Escherichia coli BL21(DE3) agus K-12 agus a dtréithchineálacha díorthacha géinmhodhnaithe a úsáidtear chun Lachta-N-neoiteatra-ós a tháirgeadh agus i gcomhthéacs fógra de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97, faoi seach. Le húsáid na dtréithchineálacha sin i dtáirgeadh Lachta-N-neoiteatra-óis mar aon le húsáid bhreise an tréithchineáil dhíorthaigh díghrádúcháin roghnaigh Escherichia coli, tréithchineál BL21(DE3) nó gan í, táirgfear Lachta-N-neoiteatra-ós i gcomhréir leis na sonraíochtaí údaraithe agus, dá bhrí sin, ní dhéanfar difear do phróifíl sábháilteachta an bhia núíosaigh údaraithe. |
(10) |
Leis an bhfaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim thuasluaite ón Údarás, tá forais leordhóthanacha ann chun a shuí go bhfuil na hathruithe ar shonraíochtaí Lachta-N-neoiteatra-óis (foinse mhiocróbach) i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 agus ba cheart iad a fhormheas. |
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Lúnasa 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/375 ón gCoimisiún an 11 Márta 2016 lena n-údaraítear Lachta-N-neoiteatra-ós a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2016, lch. 22).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1314 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2019 lena n-údaraítear athruithe ar shonraíochtaí an bhia núíosaigh Lachta-N-neoiteatra-ós a tháirgtear le Escherichia coli K-12 faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 205, 5.8.2019, lch. 4).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/912 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena n-údaraítear athruithe ar shonraíochtaí an bhia núíosaigh Lachta-N-neoiteatrós (foinse mhiocróbach) agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L 199, 7.6.2021, lch. 10).
(7) EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(11):6305.
(8) EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(11):6305.
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, Tábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Lachta-N-neoiteatra-ós (foinse mhiocróbach):
‘Lachta-N-neoiteatra-ós (foinse mhiocróbach) |
Sainmhíniú Ainm ceimiceach: β-D-Galachtaipioranóisil-(1→4)-2-aicéataimídea-2-dí-ocsa-β-D-glúcaipioranóisil-(1→3)-β-D-galachtaipioranóisil-(1→4)-D-glúcaipioranós Foirmle cheimiceach: C26H45NO21 Uimh. CAS: 13007-32-4 An mhais mhóilíneach: 707,63 g/mol Tuairisc/Foinse Is púdar idir bán agus neasbhán Lachta-N-neoiteatra-ós a tháirgtear trí phróiseas micribhitheolaíoch agus úsáid á baint as an tréithchineál géinmhodhnaithe de Escherichia coli K-12, agus/nó de Escherichia coli BL21(DE3). Féadfar tréithchineál géinmhodhnaithe breise roghnach de Escherichia coli BL21(DE3) a úsáid sa phróiseas táirgeachta chun fotháirgí idirmheánacha carbaihiodráite agus na substráití carbaihiodráite tosaigh atá fágtha a dhíghrádú. Íonacht Measúnacht (saor ó uisce): ≥ 80 % D-Lachtós: ≤ 10,0 % Lacht-N-tríós II: ≤ 3,0 % para-Lacht-N-neoiheicseaós: ≤ 5,0 % Isiméir fruchtós Lachta-N-neoiteatra-ós: ≤ 1,0 % Suim na saicrídí (Lachta-N-neoiteatra-ós, D-Lachtós, Lacht-N-tríós II, para-Lacht-N-neoiheicseaós, isiméir fruchtós Lachta-N-neoiteatra-ós): ≥ 92 % (% w/w ábhar tirim) pH (20 °C, tuaslagán 5 %): 4,0-7,0 Uisce: ≤ 9,0 % Luaith, sulfáitithe: ≤ 1,0 % Tuaslagóirí iarmharacha (meatánól): ≤ 100 mg/kg Próitéiní iarmharacha: ≤ 0,01 % Critéir mhicribhitheolaíocha Áireamh iomlán na mbaictéar aeróbach méisifileach: ≤ 500 CFU/g Giosta agus múnlaí: ≤ 50 CFU/g Iontocsainí iarmharacha: ≤ 10 EU/mg CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; AE: Aonaid Iontocsaine’ |