European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1728

18.6.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1728 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Nollaig 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na cásanna ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le grúpaí cliant nasctha a shainaithint

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, (1) agus go háirithe Airteagal 4, mír 4, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí ‘ghrúpaí cliant nasctha’ a shainaithint mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (39) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart daoine nádúrtha nó dlítheanacha a shainaithint a bhfuil nasc chomh dlúth sin eatarthu trí thosca riosca neamhghnácha go bhfuil sé stuama caitheamh leo mar riosca aonair. I gcás nach bhfuil sé soiléir cén chatagóir shonrach nasc faoinar cheart an t-idirnasc idir daoine éagsúla a aicmiú, ba cheart forlámhas a bheith ag prionsabal ginearálta na stuamachta agus ba cheart glacadh leis go bhfuil riosca aonair ann. Dá bhrí sin, maidir leis na himthosca faoina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le grúpaí cliant nasctha a shainaithint, ba cheart a mheas gur liostaí neamh-uileghabhálacha iad. Níor cheart grúpa cliant nasctha a bheith mar thoradh ar chásanna nach bhfuil daoine nádúrtha nó dlítheanacha nasctha ach amháin trína spleáchas ar thosca coiteanna geografacha nó earnála seachtracha.

(2)

Chun soiléiriú a dhéanamh ar na himthosca faoina gcomhlíontar an coinníoll rialaithe ionas go sainaithneofar gurb ann do riosca aonair, i gcás ina bhfuil beirt nó níos mó daoine dlítheanacha mar chuid den ráiteas airgeadas comhdhlúite céanna, ba cheart a mheas go bhfuil an coinníoll rialaithe comhlíonta, fiú in éagmais neamhchosaintí ar an duine nádúrtha nó dlítheanach rialaithe, toisc go bhféadfadh éifeacht na ndúradán a bhaineann le deacrachtaí airgeadais laistigh de ghrúpa teacht chun cinn cé nach bhfuil aon neamhchosaint ag an institiúid ar an duine rialaithe.

(3)

Ós rud é nach bhfuil gaolmhaireacht rialaithe teoranta do dhaoine atá mar chuid den ghrúpa comhdhlúite céanna, tá gá leis na himthosca a leagan síos ina mbeidh riosca aonair ann idir beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar bhonn rialaithe, fiú i gcás nach bhfuil ráitis airgeadais chomhdhlúite á n-ullmhú, toisc go bhfuil daoine nádúrtha bainteach, nó toisc go bhfuil na daoine dlítheanacha bunaithe i dtríú tír, nó toisc nach bhfuil comhdhlúthú airgeadais ag teastáil ón gcóras dlí is infheidhme maidir leis na daoine sin. Go sonrach, i gcás ina bhfuil an tromlach de na cearta vótála ag an duine nádúrtha nó dlítheanach, nó i gcás ina bhfuil sé de chumas ag an duine sin an tromlach den chomhlacht bainistíochta a cheapadh nó a bhaint, nó i gcás ina n-imríonn an duine sin tionchar ceannasach ar dhuine eile, ba cheart a mheas go bhfuil na coinníollacha rialaithe comhlíonta.

(4)

Thairis sin, tá gá le himthosca breise a shonrú, ar imthosca iad ina bhféadfadh riosca aonair a bheith bainteach le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha toisc go bhfuil smacht díreach nó indíreach ag duine acu ar an duine nó ar na daoine eile. Go háirithe, i gcás ina bhfuil an ceart nó an cumas ag an duine nádúrtha nó dlítheanach cinneadh a dhéanamh maidir leis an straitéis nó maidir le hidirbhearta tábhachtacha a bhaineann le duine eile, nó má tá an ceart nó an cumas aige comhordú a dhéanamh ar bhainistiú duine dlítheanach nó daoine dlítheanacha, ba cheart a mheas go bhfuil tionchar ceannasach ag na himthosca sin agus, ar an gcaoi sin, go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le riosca aonair ar bhonn rialaithe.

(5)

Tá gá leis na himthosca a shonrú, ar imthosca iad ar cheart iad a chur san áireamh ar a laghad agus an spleáchas eacnamaíoch á mheasúnú chun riosca aonair a chinneadh. Maidir leis an spleáchas eacnamaíoch, ní mór go bhféadfadh an ghaolmhaireacht idir daoine nádúrtha nó dlítheanacha deacrachtaí cistithe nó aisíocaíochta a spreagadh agus nach féidir an ghaolmhaireacht sin a ionadú ar bhonn tráthúil gan costais bhreise iomarcacha a thabhú, i.e., costais nó ioncam laghdaithe a d’fhéadfadh deacrachtaí aisíocaíochta a spreagadh.

(6)

Ina theannta sin, tá gá leis na himthosca a leagan síos, ar imthosca iad ina bhfuil na coinníollacha rialaithe agus an spleáchas eacnamaíoch ann an tráth céanna. Chun na críche sin, i gcás ina mbaineann riosca aonair bunaithe ar rialú le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus ina bhfuil nasc chomh dlúth sin idir duine amháin nó níos mó acu le duine nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile agus ina bhfuil an duine sin nó na daoine sin chomh idirspleách sin ar dhuine nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile go bhfuil siad spleách go heacnamaíoch, ba cheart riosca aonair foriomlán a bheith ag baint leis na daoine uile sin. Agus measúnú á dhéanamh ar an rialú agus an spleáchas eacnamaíoch a bheith ann an tráth céanna, ba cheart d’institiúidí gach cás a mheas mar chás aonair, agus na naisc a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar na himthosca aonair á gcur san áireamh. I gcás ina mbeidh daoine atá mar chuid de ghrúpaí rialaithe éagsúla idirnasctha freisin trí spleáchas eacnamaíoch, ba cheart na daoine sin go léir a chur in aon ghrúpa cliant nasctha foriomlán amháin. Maidir leis an ngrúpa rialaithe, aon duine nó daoine atá spleách go heacnamaíoch agus aon duine nó daoine atá faoi rialú ag an duine nó na daoine sin atá spleách go heacnamaíoch, ba cheart dóibh a bheith mar chuid den ghrúpa cliant nasctha foriomlán sin.

(7)

Chun a chur san áireamh go bhféadfadh imthosca eisceachtúla bac a chur ar riosca aonair a bheith ann, ba cheart d’institiúid a bheith in ann fianaise leordhóthanach a chur ar fáil lena léirítear nach bhfuil riosca aonair ag baint le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlíthiúla, cé go bhfuil na coinníollacha chun daoine a mheas mar chliaint nasctha comhlíonta ag na daoine sin. Sna cásanna sin, ní féidir le hinstitiúidí na daoine sin a shainaithint mar ghrúpa cliant nasctha.

(8)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(9)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Gaolmhaireacht rialaithe

1.   Beidh riosca aonair ag baint le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha toisc go bhfuil smacht díreach nó indíreach ag duine acu ar an duine nó ar na daoine eile i gcás ina gceanglaítear ar dhuine acu ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú a bhaineann leis an duine eile nó na daoine eile i gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus (2) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 10 mar atá leagtha síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit faoi seach.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir le daoine dlítheanacha nach bhfuil san áireamh sna ráitis airgeadais chomhdhlúite de bharr díolúintí nó maoluithe atá leagtha amach i dTreoir 2013/34/AE nó in IFRS 10, mar a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit faoi seach.

3.   I gcás nach bhfuil feidhm ag mír 1, beidh riosca aonair ag baint le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha toisc go bhfuil smacht díreach nó indíreach ag duine acu ar an duine eile nó ar na daoine eile sna himthosca seo a leanas:

(a)

tá an tromlach de na cearta vótála i nduine eile nó i ndaoine eile ag an duine nádúrtha nó dlítheanach;

(b)

tá sé de cheart nó de chumas ag an duine nádúrtha nó dlítheanach tromlach de na comhaltaí de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta duine nó daoine eile a cheapadh nó a bhaint;

(c)

tá an duine nádúrtha nó dlítheanach in ann tionchar ceannasach a imirt ar dhuine nó ar dhaoine eile de bhun dlí nó conartha, nó de bhun forálacha i meabhráin nó in airteagail chomhlachais.

4.   I gcás nach bhfuil feidhm ag míreanna 1, 2 nó 3, féadfar a mheas go bhfuil riosca aonair ag baint le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha toisc go bhfuil smacht díreach nó indíreach ag duine acu ar an duine eile nó ar na daoine eile, in aon cheann de na himthosca seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

tá sé de cheart nó de chumas ag an duine nádúrtha nó dlítheanach cinneadh a dhéanamh maidir leis an straitéis nó gníomhaíochtaí duine nó daoine eile a stiúradh;

(b)

tá sé de cheart nó de chumas ag an duine nádúrtha nó dlítheanach cinneadh a dhéanamh maidir le hidirbhearta tábhachtacha, lena n-áirítear brabúis nó caillteanais a aistriú chuig duine nó daoine eile;

(c)

tá sé de cheart nó de chumas ag an duine nádúrtha nó dlítheanach bainistiú duine dhlítheanaigh amháin nó níos mó a chomhordú.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, más rud é, i gcásanna eisceachtúla, gur féidir le hinstitiúid a léiriú nach bhfuil forlámhas ag aon riosca aonair in ainneoin go gcomhlíontar na himthosca dá dtagraítear sna míreanna sin maidir le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ní fhéadfaidh an institiúid na daoine sin a shainaithint mar ghrúpa cliant nasctha.

Airteagal 2

Spleáchas eacnamaíoch

1.   Baineann riosca aonair le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha toisc go bhfuil siad idirnasctha ar bhealach, i gcás ina mbeadh fadhbanna airgeadais ag duine acu, go háirithe deacrachtaí cistithe nó aisíocaíochta, ar dócha go mbeadh fadhbanna airgeadais ag an duine eile nó na daoine eile, in aon cheann de na himthosca seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

i gcás inar dócha go mbeidh dócmhainneacht nó mainneachtain ag duine nó daoine nádúrtha nó dlítheanach eile mar thoradh ar dhócmhainneacht nó mainneachtain an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh;

(b)

i gcás inar ráthaigh duine nádúrtha nó dlítheanach, go hiomlán nó i bpáirt, neamhchosaint duine nádúrtha nó dhlítheanaigh eile agus go bhfuil an neamhchosaint chomh suntasach sin don ráthóir gur dócha go mbeidh fadhbanna airgeadais ag an ráthóir má dhéantar éileamh;

(c)

i gcás ina ndíorthaítear cuid shuntasach d’ollfháltais nó d’ollchaiteachais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ó idirbhearta le duine nádúrtha nó dlítheanach eile nach féidir a ionadú ar bhonn tráthúil gan costais bhreise iomarcacha a thabhú;

(d)

i gcás ina ndéantar cuid shuntasach de na hearraí a thairgeann duine nádúrtha nó dlítheanach nó de na seirbhísí a sholáthraíonn duine nádúrtha nó dlítheanach a dhíol nó a sholáthar do dhuine nádúrtha nó dlítheanach eile agus nach féidir an ghaolmhaireacht sin a ionadú ar bhonn tráthúil gan costais bhreise iomarcacha a thabhú;

(e)

i gcás ina mbaineann cuid shuntasach d’infháltais nó de dhliteanais duine nádúrtha nó dhlítheanaigh le duine nádúrtha nó dlítheanach eile;

(f)

i gcás ina bhfuil an fhoinse cistí a bhfuil coinne léi chun iasachtaí bheirt daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó níos mó a aisíoc mar an gcéanna agus nach bhfuil foinse neamhspleách ioncaim eile ag aon duine de na daoine sin óna bhféadfar an iasacht a aisíoc ina hiomláine, agus nach féidir an fhoinse cistí a bhfuiltear ag súil léi a ionadú ar bhonn tráthúil gan costais bhreise iomarcacha a thabhú;

(g)

i gcás ina bhfuil coinne leis go gcruthódh fadhbanna airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh deacrachtaí do dhuine nádúrtha nó dlítheanach eile a dhliteanais a aisíoc go hiomlán agus ar bhonn tráthúil, toisc go bhfuil na daoine faoi dhliteanas dlíthiúil nó conarthach go comhpháirteach maidir leis an institiúid;

(h)

i gcás ina mbíonn beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha ag brath ar an bhfoinse chéanna le haghaidh fhormhór a gcistithe agus, i gcás dhócmhainneacht nó mhainneachtain na foinse cistí sin, nach féidir í a ionadú ar bhonn tráthúil gan costais bhreise iomarcacha a thabhú;

(i)

i gcás ina ndéantar beirt nó níos mó daoine dlítheanacha a bhainistiú ar bhonn aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 22(7), pointe (a) de Threoir 2013/34/AE;

(j)

i gcás ina bhfuil chuid mhór de chomhlacht bainistíochta bheirt nó níos mó daoine dlítheanacha comhdhéanta de na daoine céanna dá dtagraítear in Airteagal 22(7), pointe b de Threoir 2013/34/AE;

(k)

i gcás ina bhfuil an tromlach de na cearta vótála i mbeirt nó níos mó daoine dlítheanacha ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcásanna eisceachtúla, i gcás inar féidir le hinstitiúid a léiriú nach bhfuil forlámhas ag aon riosca amháin in ainneoin go gcomhlíontar imthosca amháin nó níos mó dá dtagraítear sa mhír sin maidir le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ní fhéadfaidh an institiúid na daoine sin a shainaithint mar ghrúpa cliant nasctha.

Airteagal 3

Teaglaim de ghaolmhaireachtaí rialaithe agus spleáchais eacnamaíocha

1.   Beidh riosca aonair ag baint le triúr nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha, i gcás ina bhfuil riosca aonair ag baint le beirt nó níos mó de na daoine sin trí bhíthin rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 1 (an grúpa rialaithe) agus go bhfuil baint ag duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó le duine amháin nó níos mó de na daoine atá mar chuid den ghrúpa rialaithe trí bhíthin spleáchas eacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 2.

2.   I gcás ina bhfuil an duine atá nasctha trí bhíthin spleáchas eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 mar chuid de ghrúpa eile cliant nasctha, beidh riosca aonair ag baint leis na daoine uile freisin, atá faoi rialú an duine sin atá spleách go heacnamaíoch nó atá spleách go heacnamaíoch iad féin ar an duine sin, mar aon leis na daoine ón ngrúpa rialaithe dá dtagraítear i mír 1 freisin.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, más rud é, i gcásanna eisceachtúla, gur féidir le hinstitiúid a léiriú nach bhfuil forlámhas ag aon riosca aonair in ainneoin go gcomhlíontar na himthosca dá dtagraítear sna míreanna sin maidir le triúr nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ní fhéadfaidh an institiúid na daoine sin a shainaithint mar ghrúpa cliant nasctha.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(2)   IO L 331, 15.12.2010, lch. 12

(3)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1728/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


OSZAR »