![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/415 |
24.3.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/415 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Nollaig 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear coigeartú an cheanglais cistí dílse agus gnéithe íosta de chláir tástála struis eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 35(6), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 35(3) agus (5) de Rialachán (AE) 2023/1114 freisin maidir le hinstitúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid suntasacha i gcomhréir le hAirteagal 58(1), pointe (b), den Rialachán sin agus, i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é faoi Airteagal 58(2) den Rialachán sin, maidir le hinstitúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid nach comharthaí suntasacha iad. |
(2) |
Agus measúnú á dhéanamh ar na himthosca lena gceanglaítear cistí dílse níos airde d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, ba cheart do na húdaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cliseadh comharthaí ar chobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear fuascailtí mórscála, truicear díolachán ar phraghsanna thar a bheith lascainithe mar gheall ar anás airgeadais cúlsócmhainní nó aistarraingtí taiscí, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le míshocrachtaí suntasacha sa mhargadh, iarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann do chistiú, agus rioscaí sistéamacha ar fud an chórais airgeadais. |
(3) |
I bhfianaise úrnuacht na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus ríomh-airgid agus a n-eisitheoirí, níl aon chreat measúnaithe rioscaí uilíoch ann. Dá bhrí sin, agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil údar cuí le méadú ar cheanglas cistí dílse, ba cheart do na húdaráis inniúla an mheastóireacht a dhéanamh ar aon eisitheoir ábhartha ar bhonn cás ar chás tar éis measúnú leathan a dhéanamh ar na critéir riosca ábhartha uile a leagtar amach in Airteagal 35(3) de Rialachán (AE) 2023/1114. Má cheanglaítear méadú féideartha ar na ceanglais cistí dílse, ba cheart go mbraithfeadh sé sin ar imthosca a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir. Ba cheart eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid atá faoi réir na gceanglas cistí dílse sin a chaipitliú go leordhóthanach i gcónaí le haghaidh na rioscaí a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart an fhaisnéis ábhartha stairiúil agus reatha uile atá ar fáil a úsáid don mheasúnú agus don mheastóireacht leathan sin. Go ginearálta, níor cheart méaduithe ar cheanglais cistí dílse a iarraidh ach amháin i gcás ina bhfuil leibhéal níos airde riosca ann, nach bhfuil cumhdaithe cheana féin, agus nach bhfuil bearta an eisitheora ábhartha éifeachtach go leor chun na rioscaí a laghdú. |
(4) |
I gcás ina n-éilíonn údarás inniúil méadú ar cheanglais cistí dílse eisitheoir na gcomharthaí, ba cheart an tréimhse ama a thugtar chun an méadú sin a chomhlíonadh a bheith chomh gearr agus is féidir ós rud é gur cheart an t-eisitheoir ábhartha, agus bainistiú riosca cuí agus éifeachtach á chur i bhfeidhm aige, a chaipitliú go leordhóthanach i gcónaí le haghaidh na rioscaí a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt orthu. |
(5) |
I gcás ina gcinneann údarás inniúil go bhféadfadh meath suntasach ar staid airgeadais an eisitheora ábhartha a bheith mar thoradh ar rioscaí comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid ar leith, lena n-áirítear luaineacht, nó go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a chobhsaíocht airgeadais, ba cheart don údarás inniúil tréimhse ama níos giorra a shocrú don eisitheoir ábhartha chun na cistí dílse a mhéadú. |
(6) |
Chun a áirithiú go ndéanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid cinntí fónta maidir le bainistiú riosca, ba cheart d’eisitheoirí den sórt sin agus dá n-údaráis inniúla ábhartha tuiscint a fháil ar na rioscaí airgeadais agus oibríochtúla a bhaineann le húsáid mhéadaithe comharthaí sócmhainn-tagartha nó ríomh-airgid. Ina theannta sin, ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar idirnaisc le héiceachóras eisitheoirí comharthaí ar bhonn níos leithne agus ar idirnascthacht bhunúsach leis an earnáil airgeadais thraidisiúnta a eascraíonn as cúlchistí sócmhainní arna sealbhú. Dá bhrí sin, is gá an tástáil struis ar riosca sócmhainneachta agus leachtachta eisitheoirí a shonrú a thuilleadh. |
(7) |
Ba cheart anailís a dhéanamh ar thionchar an ‘riosca reatha’, arb é is ciall dó méadú tobann ar iarrataí ar fhuascailt na gcomharthaí, trína ndéantar anailís trí thástáil struis leachtachta a mbíonn díolachán práinne na gcúlsócmhainní atá mar thaca leis na comharthaí mar thoradh air. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, gnéithe íosta den tástáil struis leachtachta a shonrú amhail na gnéithe sin a bhaineann le rialachas, bonneagar sonraí, catagóiriú riosca agus minicíocht. |
(8) |
Chun a áirithiú go leanfaidh torthaí na tástála struis de bheith ábhartha, ba cheart tástáil struis sócmhainneachta a dhéanamh ar bhonn ráithiúil d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó comharthaí ríomh-airgid suntasacha, agus ar bhonn leathbhliantúil d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nach comharthaí suntasacha iad nó comharthaí ríomh-airgid nach comharthaí suntasacha iad. Ba cheart an tástáil struis leachtachta a dhéanamh go míosúil. |
(9) |
Ba cheart cásanna struis airgeadais agus cásanna struis neamhairgeadais atá dian ach sochreidte a mheas sa tástáil struis, amhail suaití leachtachta, suaití creidmheasa, suaití ráta úis agus malairte, riosca fuascailte agus suaití oibríochtúla agus tríú páirtí. Ba cheart a áirithiú leis freisin go bhfuil na socruithe rialachais inmheánaigh agus na bonneagair sonraí ábhartha i bhfeidhm chun go mbeidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, nó comharthaí ríomh-airgid agus údaráis inniúla in ann na saintréithe a thuiscint, rioscaí a chainníochtú agus fianaise a bhailiú ina léirítear go bhfuil eisitheoirí den sórt sin ag leithdháileadh agus ag maolú riosca go héifeachtach ar bhonn leanúnach. |
(10) |
Mar threoirphrionsabal, ba cheart go leanfadh na cláir tástála struis rialacha agus cur chuige atá ar aon dul leis an tástáil struis ar institiúidí creidmheasa a dhéantar faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Mar sin féin, ós rud é nach ionann na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí cripteashócmhainní a sholáthraíonn eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid seachas institiúidí creidmheasa agus na rioscaí a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa, is gá na gníomhaíochtaí cripteashócmhainní a ghrúpáil i gcatagóirí riosca éagsúla chun críche na tástála struis. Thairis sin, ba cheart a áirithiú le grúpáil na ngníomhaíochtaí agus na rioscaí cripteashócmhainní go mbeidh eisitheoirí na gcomharthaí ábhartha agus na n-údarás inniúil in ann na feidhmeanna, na próisis agus na gníomhaithe uile a shainaithint, mar aon leis na rioscaí a bhaineann leo lena n-áirítear aon tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus aon saincheisteanna nó rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. Ba cheart go n-éascófaí leis an tsainaithint sin ceapadh agus sannadh na gcásanna riosca sonracha a chuirtear i láthair i ngníomhaíochtaí éagsúla an eisitheora ábhartha. Ba cheart na cásanna a bheith dea-shainithe chun a dtionchar féideartha, raon na gcaillteanas féideartha agus raon na hinchreidteachta a bhaineann leis na cásanna riosca sonracha arna sainaithint a chainníochtú. Dá bhrí sin, agus rioscaí sonracha á sainaithint, ba cheart don eisitheoir ábhartha amlíne an cháis struis a shonrú, ar cheart 3 bliana a bheith i gceist leis le haghaidh na tástála struis sócmhainneachta agus suas le 1 bhliain amháin le haghaidh na tástála struis leachtachta. |
(11) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE). |
(12) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe; tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme an chur i bhfeidhm
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid seo a leanas:
(a) |
eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha; |
(b) |
institiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid suntasacha; |
(c) |
institúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid nach comharthaí suntasacha iad, i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin faoi Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2023/1114. |
Airteagal 2
Nós imeachta
1. Soláthróidh údarás inniúil an Bhallstáit baile (an t-údarás inniúil) d’eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid an dréacht dá chinneadh maidir le méadú ar chistí dílse a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 35(3) de Rialachán (AE) 2023/1114 agus aird chuí á tabhairt ar na tuairimí a chuir an t-eisitheoir ábhartha in iúl.
2. Leagfar amach an méid seo a leanas sa dréacht dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
an méid faoina gcaithfear na cistí dílse a mhéadú agus an céatadán níos airde ná méid an chúlchiste sócmhainní a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 35(1), an chéad fhomhír, pointe (b) de Rialachán (AE) 2023/1114; |
(b) |
réasúnaíocht ábhartha maidir leis an leibhéal níos airde riosca; |
(c) |
an bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an leibhéal riosca níos airde sin ar staid airgeadais an eisitheora nó ar chobhsaíocht airgeadais an chórais airgeadais i gcoitinne; |
(d) |
cé acu atá nó nach bhfuil an leibhéal riosca níos airde sin neamhspleách ar rialachas nó ar shamhail ghnó an eisitheora ábhartha; |
(e) |
an tráthchlár ar laistigh de a mhéadóidh an t-eisitheoir ábhartha a chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 3. |
3. Cuirfidh eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid a thuairimí in iúl maidir le haon cheann de na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 25 lá oibre ón dréacht a fháil.
4. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d’eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid faoina chinneadh críochnaitheach ina mbeidh na gnéithe a liostaítear i mír 2.
5. Cuirfidh eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid plean mionsonraithe faoi bhráid an údaráis inniúil laistigh de 25 lá oibre ón gcinneadh dá dtagraítear i mír 4 a fháil, maidir leis an gcaoi a méadófar a chistí dílse laistigh den tréimhse ama a leagfaidh an t-údarás inniúil síos. Beidh an méid seo a leanas sa phlean:
(a) |
céimeanna faoi cheangal ama, bearta sonracha agus nósanna imeachta chun an méadú a chur i gcrích laistigh den tréimhse ama atá leagtha síos; |
(b) |
an deimhniú go bhfuil sé beartaithe ítimí agus ionstraimí cistí dílse a úsáid chun an ceanglas méadaithe a chomhlíonadh maidir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh go hiomlán. |
6. I gcás inar faide ná 3 mhí an tréimhse ama, dá dtagraítear in Airteagal 3, agus a shocraítear chun an méadú ar chistí dílse a chur i gcrích, cuirfidh eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid na húdaráis inniúla ar an eolas ar bhonn míosúil maidir le dul chun cinn chur chun feidhme an phlean.
7. Cuirfidh eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid an t-údarás inniúil ar an eolas láithreach i gcás nach féidir aon chéim nó nós imeachta a bhaint amach laistigh den tréimhse ama lena n-urramaítear na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3.
8. Déanfaidh an t-údarás inniúil dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme an phlean.
9. I gcás ina gcuirtear coláiste dá dtagraítear in Airteagal 119(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 ar bun, coinneoidh an t-údarás inniúil an tÚdarás Baincéireachta Eorpach ar an eolas faoin bhfaisnéis uile dá dtagraítear i míreanna 2 go 8, lena n-áirítear an dréacht agus an cinneadh críochnaitheach, an plean agus aon nuashonrú ábhartha.
Airteagal 3
Tráthchlár
1. Gan dochar do mhír 2, leagfaidh an t-údarás inniúil tráthchlár síos d’eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid chun dul in oiriúint do cheanglais níos airde maidir le cistí dílse, arna socrú ar bhonn an mheasúnaithe ag an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná 6 mhí ón uair a thabharfar fógra faoin gcinneadh críochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 2(4).
2. Nuair a shocraíonn an t-údarás inniúil an tréimhse ama d’eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid chun dul in oiriúint do cheanglais níos airde maidir le cistí dílse, cuirfidh sé san áireamh aon leibhéal riosca níos airde a d’fhéadfadh a bheith ann agus a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar chobhsaíocht airgeadais an chórais airgeadais i gcoitinne nó ar chobhsaíocht airgeadais an eisitheora agus aon easnaimh fhéideartha i rialachas nó i samhail ghnó an eisitheora ábhartha.
Airteagal 4
Critéir
Agus an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 35(3) de Rialachán (AE) 2023/1114 á ghlacadh aige, breithneoidh an t-údarás inniúil na critéir mheasúnaithe riosca uile seo a leanas:
(a) |
cé acu is dócha nó nach dócha go sáróidh eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 34(1), (8) agus (10) agus Airteagail 36 go 39 de Rialachán (AE) 2023/1114 laistigh den 12 mhí ina dhiaidh sin trí mheasúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil easnaimh nó laigí féideartha ag eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó ag eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas uile a leagtar amach in Airteagal 34 agus in Airteagail 36 go 39 de Rialachán (AE) 2023/1114; |
(b) |
cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear fuascailt ag parluach agus margadhluach i ngnáthchúinsí nó in imthosca anáis sa mhargadh; |
(c) |
cé acu atá nó nach bhfuil riosca méadaithe ann go dtiocfaidh meath suntasach ar luach na gcúlsócmhainní nó ar staid airgeadais eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid; |
(d) |
cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh riosca oibriúcháin méadaithe a bheith ann a eascraíonn as córais lena n-áirítear an mórleabhar dáilte foluiteach agus aon ardán trádála, bonneagar margaidh nó córas íocaíochta a úsáidtear chun an comhartha a eisiúint nó a aistriú agus ó sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní tríú páirtí eile amhail coimeádaithe a bhféadfadh na comharthaí agus/nó na cúlsócmhainní brath orthu. |
Airteagal 5
Dearadh an chláir tástála struis
1. Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid go bhfuil a gclár tástála struis inmharthana agus réalaíoch, agus go mbeidh cinnteoireacht eolasach ar gach leibhéal bainistíochta maidir leis na rioscaí uile atá ann cheana agus na rioscaí uile a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar staid airgeadais an eisitheora mar thoradh ar thástáil struis.
2. Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid athbhreithniú agus measúnú rialta ar a gclár tástála struis chun a éifeachtacht, a stóinseacht agus a oiriúnacht a chinneadh maidir le saintréithe riosca an eisitheora ábhartha féin agus saintréithe riosca na gcomharthaí ábhartha arna n-eisiúint araon agus coimeádfaidh siad cothrom le dáta é. Déanfar an measúnú sin ar bhonn bliantúil agus léireofar ann go hiomlán na dálaí seachtracha agus inmheánacha.
3. Agus an clár tástála struis á dhearadh acu, cuirfidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid na gnéithe seo a leanas go léir san áireamh:
(a) |
éifeachtacht an chláir maidir leis na cuspóirí atá beartaithe dó a bhaint amach; |
(b) |
an gá atá le feabhsuithe; |
(c) |
na fachtóirí riosca sainaitheanta, réasúnaíocht agus dearadh na gcásanna ábhartha, toimhdí samhla agus íogaireacht na dtorthaí i leith na dtoimhdí sin, chomh maith le ról an bhreithiúnais shaineolaigh chun a áirithiú go bhfuil anailís fhónta ag gabháil leis; |
(d) |
feidhmíocht na samhla, lena n-áirítear a feidhmíocht ar shonraí as sampla, amhail sonraí nár úsáideadh chun an tsamhail a fhorbairt; |
(e) |
conas lúba díobhálacha sócmhainneachta-leachtachta a d’fhéadfadh a bheith ann a ionchorprú; |
(f) |
leordhóthanacht na n-idirnasc a d’fhéadfadh a bheith ann idir tástálacha struis sócmhainneachta agus tástálacha struis leachtachta; |
(g) |
aiseolas a fuarthas ó údaráis inniúla i gcomhthéacs a dtástálacha maoirseachta nó a dtástálacha struis eile; |
(h) |
leordhóthanacht an bhonneagair sonraí (cur chun feidhme na gcóras agus cáilíocht na sonraí); |
(i) |
leibhéal iomchuí rannpháirtíochta na bainistíochta sinsearaí agus an chomhlachta bainistíochta; |
(j) |
na toimhdí uile lena n-áirítear toimhdí gnó agus/nó bainistíochta, agus na gníomhaíochtaí bainistíochta atá beartaithe, bunaithe ar chuspóir, cineál agus toradh na tástála struis, lena n-áirítear measúnú ar indéantacht na ngníomhaíochtaí bainistíochta i gcásanna struis agus i dtimpeallacht ghnó atá ag athrú; |
(k) |
leordhóthanacht agus trédhearcacht na doiciméadachta ábhartha. |
4. Déanfar an clár tástála struis a dhoiciméadú go hiomchuí le haghaidh gach cineáil tástálacha struis a dhéanfar.
5. Déanfaidh an coiste riosca agus iniúchóirí inmheánacha, mar shampla, meastóireacht ar an gclár tástála struis ar fud na heagraíochta. Na haonaid ghnó nach bhfuil freagrach as dearadh agus cur i bhfeidhm an chláir nó saineolaithe seachtracha, rannchuideoidh siad freisin le measúnú a dhéanamh ar an bpróiseas sin, agus an saineolas ábhartha le haghaidh ábhair shonracha á chur san áireamh.
6. Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, don dearadh tosaigh agus don mheasúnú ar an gclár tástála struis araon, go raibh idirphlé éifeachtach ann le rannpháirtíocht saineolaithe ó réimsí gnó uile an eisitheora agus go ndearna bainistíocht shinsearach agus comhlacht bainistíochta an eisitheora athbhreithniú cuí ar an gclár agus ar na nuashonruithe air, agus go bhfuil siad freagrach freisin as faireachán a dhéanamh ar a fhorghníomhú agus ar a fhormhaoirseacht.
Airteagal 6
Cineál na tástála struis
1. Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid tástáil struis sócmhainneachta agus tástáil struis leachtachta a chur chun feidhme.
2. Gabhfaidh an tástáil struis sócmhainneachta an tionchar a bheidh ag forbairtí áirithe, lena n-áirítear cásanna maicreacnamaíocha nó micreacnamaíocha, ar shuíomh caipitil foriomlán eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid, lena n-áirítear ar a íoscheanglais cistí dílse nó ar a cheanglais cistí dílse breise, trí acmhainní caipitil agus ceanglais chaipitil na n-eisitheoirí a réamh-mheas, trí aird a tharraingt ar leochaileachtaí an eisitheora agus trí mheasúnú a dhéanamh ar a chumas caillteanais a ionsú agus ar an tionchar ar a shuíomhanna sócmhainneachta.
3. Sa tástáil struis leachtachta gabhfar tionchar forbairtí áirithe lena n-áirítear cásanna maicreacnamaíocha nó micreacnamaíocha, ó thaobh cistiúcháin agus riosca margaidh de agus suaití ar leachtacht an chúlchiste sócmhainní agus ar shuíomh leachtachta foriomlán an eisitheora comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, lena n-áirítear a íoscheanglais nó a cheanglais bhreise maidir le cumhdach leachtachta.
4. Beidh dearadh sonrach, castacht agus leibhéal mionsonraithe na modheolaíochtaí tástála struis iomchuí do chineál an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid, lena n-áirítear cineál, scála agus méid na gceart fuascailte, chomh maith le castacht, comhdhlúthacht agus comhdhéanamh a chúlsócmhainní.
Airteagal 7
Íosmhinicíocht na gcleachtaí éagsúla tástála struis
1. Beidh minicíocht ráithiúil, ar a laghad, ag baint leis an tástáil struis sócmhainneachta d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó comharthaí ríomh-airgid suntasacha agus minicíocht leathbhliantúil d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nach comharthaí suntasacha iad nó comharthaí ríomh-airgid nach comharthaí suntasacha iad.
2. Beidh minicíocht mhíosúil, ar a laghad, ag baint leis an tástáil struis leachtachta do gach eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid.
Airteagal 8
Socruithe rialachais inmheánaigh faoi na cleachtaí tástála struis
1. Glacfaidh an comhlacht bainistíochta clár tástála struis eisitheoir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid, agus beidh an comhlacht bainistíochta sin freagrach as a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2023/1114.
2. Áireofar sa chlár tástála struis measúnú i dtaobh an bhfuil dóthain eolais, scileanna agus taithí ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta i dteannta a chéile chun na nithe uile seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
tuiscint iomlán a fháil ar thionchar na dteagmhas struis ar phróifíl riosca fhoriomlán an eisitheora; |
(b) |
a áirithiú gur sannadh agus gur leithdháileadh freagrachtaí soiléire agus acmhainní leordhóthanacha amhail acmhainní daonna oilte agus córais teicneolaíochta faisnéise chun na tástálacha struis a chur i gcrích; |
(c) |
dul i mbun plé go gníomhach le baill foirne a bhfuil baint acu le tástáil struis agus le daoine a ndéantar cúraimí a bhaineann le tástáil struis a sheachfhoinsiú chucu; |
(d) |
dúshlán na bpríomhthoimhdí samhaltaithe, roghnú na gcásanna agus na dtoimhdí is bun leis na tástálacha struis i gcoitinne a thabhairt; |
(e) |
cinneadh a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí bainistíochta is gá agus iad a phlé leis na húdaráis inniúla. |
3. Ceapfar an clár tástála struis ar bhealach lenar féidir tástálacha struis a fhorghníomhú i gcomhréir le beartais agus nósanna imeachta inmheánacha ábhartha an eisitheora.
4. Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid go ndéanfar gach gné den chlár tástála struis, lena n-áirítear an measúnú air, a dhoiciméadú go hiomchuí agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, i gcás inarb ábhartha, sna beartais inmheánacha agus sna nósanna imeachta inmheánacha.
5. Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid go ndéanfar foráil i gceapadh an chláir tástála struis maidir le cumarsáid éifeachtach thar línte gnó agus leibhéil bhainistíochta, d’fhonn feasacht a mhúscailt, cultúr riosca a fheabhsú agus pléití a thionscnamh maidir le rioscaí atá ann cheana agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus maidir le gníomhaíochtaí bainistíochta a d’fhéadfadh a bheith ann.
6. Ceapfar an clár tástála struis mar chuid lárnach de chreat bainistíochta riosca eisitheora. Ceapfar tástálacha struis chun tacú le cinntí agus próisis ghnó éagsúla chomh maith le pleanáil straitéiseach. Cuirfear san áireamh sna cinntí straitéiseacha na heasnaimh, na teorainneacha agus na leochaileachtaí a sainaithníodh le linn na tástála struis.
7. Úsáidfear aschuir na dtástálacha struis mar ionchuir sa phróiseas chun inghlacthacht riosca agus teorainneacha riosca eisitheora a bhunú agus feidhmeoidh siad mar uirlis phleanála chun éifeachtacht straitéisí gnó nua agus straitéisí gnó atá ann cheana a chinneadh agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar chistí dílse agus ar leachtacht.
Airteagal 9
Bonneagar sonraí ábhartha le haghaidh cláir tástála struis
1. Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid go dtacóidh bonneagar sonraí leordhóthanach agus trédhearcach leis an gclár tástála struis.
2. Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid go bhfuil sé d’acmhainn ag a mbonneagar sonraí riachtanais fhairsinge sonraí a gcláir tástála struis a ghabháil agus go bhfuil sásraí i bhfeidhm acu chun cumas leanúnach agus comhsheasmhach a áirithiú chun tástáil struis a dhéanamh mar atá beartaithe i gcomhréir leis an gclár.
3. Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid go lamhálfar leis an mbonneagar sonraí do sholúbthacht agus do leibhéil iomchuí cháilíochta agus rialaithe araon.
4. Áiritheoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid go bhfuil a mbonneagar sonraí i gcomhréir lena méid, lena gcastacht, agus lena bpróifíl riosca agus gnó, agus go gceadófar leis tástálacha struis a dhéanamh lena gcumhdófar na rioscaí ábhartha uile ar a bhfuil an institiúid neamhchosanta.
5. Caithfidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid dóthain acmhainní daonna, airgeadais agus ábhartha chun forbairt agus cothabháil éifeachtach a mbonneagar sonraí a ráthú, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise.
Airteagal 10
Modheolaíocht, paraiméadair thagartha choiteanna agus inchreidteacht na dtoimhdí
1. Sainaithneoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid na catagóirí rioscaí seo a leanas:
(a) |
rioscaí do luach, inaistritheacht, leachtacht, inrochtaineacht nó inmhalartaitheacht na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid agus na gcúlsócmhainní; |
(b) |
rioscaí a eascraíonn as córais, a bhfuil an comhartha sócmhainn-tagartha nó an comhartha ríomh airgid ag brath orthu, lena n-áirítear an mórleabhar dáilte foluiteach nó aon teicneolaíocht eile de chuid an chomhartha agus aon ardán trádála, bonneagar margaidh nó córas íocaíochta a úsáidtear chun na comharthaí a eisiúint nó a aistriú; |
(c) |
rioscaí a eascraíonn as feidhmiú socruithe conarthacha, a rinne an t-eisitheoir ábhartha le heisitheoirí eile, le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, le hinstitiúidí airgeadais nó le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile, chun na comharthaí a eisiúint nó a aistriú nó chun na cúlsócmhainní a bhunú, a bhainistiú, a choimeád nó a infheistiú, lena n-áirítear aon socrú trína ndéanann an t-eisitheoir cúraimí a sheachfhoinsiú. |
2. Chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí dá dtagraítear i mír 1, sainaithneoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid cásanna riosca sonracha agus cásanna stairiúla agus/nó cásanna hipitéiseacha á n-úsáid i ndáil leis na catagóirí riosca éagsúla dá dtagraítear i mír 1.
3. Beidh na cásanna riosca sonracha dá dtagraítear i mír 2 dea-shainithe agus beidh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu inchainníochtaithe.
4. Agus rioscaí sonracha á sainaithint acu, sonróidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid tréimhse ama 3 bliana do na teagmhais riosca a bhaineann leis an tástáil struis sócmhainneachta agus tréimhse ama suas le 1 bhliain don tástáil struis leachtachta, don tsócmhainn atá i mbaol agus tuairisc bheacht ar an gcás riosca.
5. Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid meastacháin ar dhéine agus inchreidteacht na gcásanna struis arna sainaithint chomh maith leis na caillteanais a d’fhéadfadh teacht as na cásanna sin a chainníochtú nó beidh neas-mheastacháin acu orthu.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/415/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)